All Time Top Ten of Polemic for Technology

Vicipéid
Ciclipéid, ghréasán-bhunaithe, ilteangach, is ea an Vicipéid agus tá an méid a bhfuil inti ar fáil saor in aisce do phobal na cruinne. Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus tá duine ar bith in ann í a athrú ach teacht a bheith aige ar an Idirlíon. Is iomaí Vicipéid atá ann agus Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge ina measc
Asarlaíocht
Creideamh i gcumhachtaí nó eolaíochtaí osnádúrtha, cosúil le draíocht, astralaíocht, ailceimic, diasúnacht, is spioradachas, le cumhacht an duine a mhéadú is é a chosaint ar dhrochfhórsaí, nó leis an todhchaí a réamhinsint. Bhí an t-am ann a bhíodh na heolaíochtaí nádúrtha leathbhainteach le hasarlaíocht, agus na heolaithe faoi amhras de bharr a rúndachta
Google
Is é Alphabet Inc, nó Google mar a thugtar air de ghnáth, an comhlacht ríomhaireachta is mó ar domhan. Is é mar aidhm ag an chomhlacht eagar a chur ar eolas, agus é a chur ar fáil ar gach duine. Láimhseálann Google níos mó ná 70 faoin gcéad d’iarrataí cuardaigh ar líne ar fud an domhain, agus é á chur i gcroílár eispéireas fhormhór na n-úsáideoirí Idirlín. Tá a cheanncheathrú i Mountain View, California
Windows 7
Is córas oibriúcháin de chuid Microsoft é Windows 7 atá deartha le rith ar ríomhairí pearsanta. Díoladh don phobal é don chéad uair ar an 22 Deireadh Fómhair 2009. Measann formhór na ndaoine a bhain feidhm as go fóill gur fheabhsú ar Windows Vista é
Teicneolaíocht
Craobhacha den eolaíocht a bhfuil feidhmeanna fóinteacha ag baint leo
Ríomhaistriú airgid ag an díolphointe
Áis taobh leis an scipéad in an-chuid siopaí is ionaid miondíola chun ligean don siopadóir costas ceannaigh a aistriú ó chuntas bainc an chustaiméara go dtí cuntas an tsiopa go leictreonach thar an Idirlíon. EFTPOS i mBéarla
Cábla
Ar dtús, rópa snáithíneach, ach anois féadfaidh na snáithíní a bheith déanta as miotal nó miotal le ciseal seachtreach inslitheora, nó gloine nó plaisteach
Brabhsálaí Gréasáin
Is éard atá i gceist le brabhsálaí Gréasáin ná an píosa bogearra a úsáidtear chun leathanaigh ghréasáin HTML ar an Ghréasáin a léamh
Innealtóireacht leictreach
Brainse den innealtóireacht ina ndéantar staidéar ar fheidhmeanna praiticiúla leictreachais is leictreonaice
Mozilla Firefox
Is brabhsálaí idirlín saor trasardáin grafach é Mozilla Firefox atá forbartha leis an Mozilla Foundation saorálaí. Bhí 17.76% do daoine taifeada ag úsáid Firefox de réir suirbhé Aibreán 2008, Ciallaíonn sé sin go úsáidtear Firefox ag timpeall 70 milliún daoine. Is é Firefox an dara brabhsálaí sa domhain tar éis Internet Explorer