All Time Top Ten of Polemic for Philosophy

Nihilí
Is é is nihilí ann ná duine a thacaíonn leis an nihileachas, is é sin, le fealsúnacht an éadóchais. Is iad na seasaimh is dual don nihilí a ghlacadh ná:nach bhfuil fianaise ar bith ann go bhfuil Dia nó cruthaitheoir ann;nach bhfuil moráltacht ann, agus mar sin, nach fiú aon ghníomh a dhéanamh nó a fhágáil gan déanamh de rogha ar aon rud eile;nach bhfuil cuspóir ar bith leis an saol
Aindiachas
Seasamh fealsúnach é An tAindiachas, ina maítear nach bhfuil aon Dia ná Ard-Bheith ann. Tugtar Aindiachaí ar dhuine a leanann an fhealsúnacht seo. Is minic go gcuirtear ina leith gur creideamh atá ann, amhail creideamh spioradálta ar bith, ach maíonn na haindiachaithe féin gur cruinne 'easpa creidimh' a thabhairt air
Fealsúnacht
Is éard atá san fhealsúnacht ná iarracht ar dhul amach ar an saol agus brí a bhaint as trí réasúnaíocht agus trí dhíospóireacht. Ní hionann an tuiscint atá ag fealsúna ar an saol i ngach aois, ach is gnách leis na scoileanna fealsúnacha is déanaí feidhm a bhaint as a ndúirt na scoileanna a tháinig rompu, fiú más le fonn sáraíochta é
Comhfhios
Is éard is comhfhios ann ná staid shíceolaíoch ina bhfuil duine feasach. Aithnítear cialla éagsúla a chuimsíonn an staid ina bhfuil duine ina dhúiseacht agus an staid ina bhfuil duine in ann cuimhneamh is cur síos ar a eachtraí meabhracha. Leag William James béim ar leanúnachas an chomhfheasa. Cuireann na síceolaithe cognaíocha béim ar an léargas gur féidir go mbeidh an comhfhios teoranta do leibhéil áirithe próiseála. Mar shampla, is féidir go mbeidh duine comhfhiosach ag leibhéal
Eoiginic
Iarmhairtí a fheabhsaíonn dúchas an chine dhaonna is ea eoiginic, go fisiciúil is go hintleachtach, trí steiriliú, oideachas, fachtóirí sóisialta is a leithéid
Seamanachas
Is éard is seaman ann ná cineál draoi nó lia sí atá ag iarraidh dul i dteagmháil le spioraid le bheith ina nasc cumarsáide idir iadsan agus an cine daonna. Bíonn seamanachas á chleachtadh ag pobail bhundúchasacha i Meiriceá Theas, i dTuaisceart na Rúise agus i measc na nEiscimeach inniu féin. Creideann lucht leanúna an tseamanachais go bhfuil an seaman in ann maolú ar an bhfearg a bhíonn ar na spioraid leis na daoine agus gur féidir leis tinneas an choirp a leigheas trí chaoi cheart a
Symposium (Platón)
Is é an Symposium le Platón cur síos ar chomhrá a thit amach ag oíche ceiliúrtha agus ólachán eagraithe, sa Sean-Ghréig thart faoin mbliain 380 roimh Chríost. In éineacht le na comhráite Parmenides, Philebos agus Phaidros, tá sé ina chuid den tríú teitrean de shaothar Phlatón
Eiseachas
Tugtar eiseachas ar fhealsúnacht smaointeoirí agus scríbhneoirí áirithe sa naoú haois déag agus san fhichiú haois a roghnaigh an duine aonair agus cás an duine aonair - an eagla roimh an mbás agus an t-uaigneas, mar shampla - mar phointe tosaigh don fhealsúnacht agus don tuiscint ar an saol
Coimeádachas
Is dearcadh polaitíochta é an coimeádachas a chuireann an bhéim ar chaomhnú na bhfiúntas traidisiúnta. Tá sé ar an taobh eile den speictream polaitíochta ón dearcadh radacach
Heirméineotaic
I staidéar creidimh agus fealsúnachta sóisialta, is éard is Heirméineotaic ann ná an staidéar ar teoiric agus ar chleachtas na hidirmhínithe nó na séimeantaice. Tagraíonn an Heirméineotaic thraidisiúnta-a fholaíonn Heirméineotaic an Bhíobla- do staidéar ar léiriú téacsanna scríofa, go háirithe i réimsí na litríochta, creidimh, agus dlí. Cuimsíonn heirméineotaic chomhaimseartha nó nua-aoiseach, ní hamháin saincheisteanna a bhaineann leis an téacs scríofa, ach gach rud sa