All Time Top Ten of Polemic for History

Cogadh na Saoirse (Éire)
Tugtar Cogadh na Saoirse, 21 Eanáir 1919 - 11 Iúil 1921, ar an treallchogadh idir Rialtas na Breataine in Éirinn agus Óglaigh na hÉireann, a bhí faoi smacht na Chéad Dála. Parlaimint neamhspleách a bhí ann, agus í curtha i dtoll le chéile as feisirí Éireannacha a vótáladh isteach in olltoghchán Westminster sa bhliain 1918, an tromlach acu a thoiligh le dul ar an Dáil mar theachtaí
Cogadh Cathartha na hÉireann
B'é síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh a chuir tús leis an gcoimhlint ar a dtugtar Cogadh Cathartha na hÉireann, nó Cogadh na gCarad. B'fhéidir go bhfuair 1,500 bás idir Meitheamh 1922-Bealtaine 1923 mar gheall ar an troid
Cogadh na Saoirse (An Spáinn)
Bhí Cogadh Saoirse na Spáinne nó Cogadh na Leithinse, cogadh sa Spáinn i rith Cogaidh Napoleon. Bhí muintir na Spáinne ag troid leis an bPoirtingéil agus Sasana in aghaidh Impireacht na Fraince. Lean an cogadh ó forghabháil na Spáinne sa bhliain 1808 go dtí ghéilleadh Napoleon sa bhliain 1814
Buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin (1974)
Is é an rud a bhí i gceist le buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin ná sraith ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar Bhaile Átha Cliath agus ar Mhuineachán ar an 17ú lá de Mhí na Bealtaine, 1974. Seasann an lá seo, agus buamáil na hÓmaí (15/8/1998) mar cheann de na laethanta ab fhuiltí i stair nua-aimseartha na tíre
Impireacht na Rúise
Úsáidtear an téarma Impireacht na Rúise le tagairt a dhéanamh don ré stairiúil ó laethanta Pheadair Mhóir go dtí Réabhlóid na Rúise 1917. San am seo, tháinig fás agus borradh ar an Rúis mar stát, go dtí gur shín sí ón Muir Bhailt go dtí an tAigéan Ciúin. Tháinig deireadh deifnídeach leis an Impireacht nuair a mharaigh na Boilséivigh an tImpire deireanach, Nioclás a Dó, agus a theaghlach in Yekaterinburg, áit ar cuireadh ar díbirt é
An Ré Dhorcha
Téarma a bhíodh in úsáid don tréimhse i stair na hEorpa timpeall 500-1000, díreach i ndiaidh titim impireacht na Róimhe, nuair a tharla ionsaithe is inimircí na nGotach is daoine eile ón iarthar. Ach tharla bláthú san ealaín is an scoláireacht Ghaelach agus tionchar na hÉireann ar an Eoraip sa tréimhse sin, bhláthaigh ealaín is ailtireacht na Biosáinte san oirdheisceart, agus ealaín is ailtireacht na hAraibe san iardheisceart
Séarlas V, Impire Naofa Rómhánach
Bhí Séarlas V ina Rí ar an Ísiltír Bhurgúnach (1506-1555), ar an Spáinn (1516-1556), ar an Napóil, ar an tSicil (1516-1554) agus ar na Rómhánaigh (1519-1558). Ba é Ard-Diúc na hOstaire (1519-1521) agus an tImpire Naofa Rómhánach (1530-1558) é. Sa Spáinn thugtaí Carlos I air
Uileloscadh
Is é an tUileloscadh an t-ollscriosadh a rinne na Naitsithe ar na Giúdaigh, na Romaigh agus grúpaí áirithe eile, le linn an Dara Cogadh Domhanda. Bhí an frith-Ghiúdachas i gcroílár na hidé-eolaíochta Naitsíche ón tús, agus d'fhógair Adolf Hitler ina leabhar Mo Chath Féin go mbeadh an Ghearmáin ábalta an Chéad Chogadh Domhanda a ghnóthú, ach na "naimhde inmheánacha" a mharú le gás. An té a ghlacfadh an leabhar i ndáiríre, bheadh sé in ann, mar sin, an tUileloscadh a thuar roimh ré
Comhairle Trento
Is éard a bhí i gceist le Comhairle Trento ná Comhairle Éacúiméineach na hEaglaise Chaitliceach Rómhánach sa 16ú céad
19ú haois