All Time Top Ten of Polemic for Health

Bithinnealtóireacht
Dearadh is táirgeadh feistí meicniúla is leictreonacha leighis a chuireann na forbairtí teicneolaíochta is déanaí i bhfeidhm chun fadhbanna míochaine a réiteach. Mar shampla, na meaisíní a chabhraíonn le diagnóisiú, cosúil le modhanna nua íomháithe, ionstraimí a chabhraíonn le cleachtadh leighis, máinliacht ríomhchuidithe, modhanna feabhsaithe chun drugaí a sheachadadh d'ionaid is orgáin ghalraithe, agus a lán eile
Brillín
Is gnéasorgán baineannach é an brillín, atá i láthair i mamaigh, ostraisí agus líon teoranta ainmhithe eile. I ndaoine, tá an chuid infheicthe - an bhreall - ag acomhal tosaigh na labia minora, os cionn oscailt an úiréadra. Murab ionann agus an péineas, sé sin, an homalóg fireann atá coibhéiseach leis an mbrillín, de ghnáth ní bhíonn an chuid aimhneasaigh den úiréadra ann, agus mar sin ní úsáidtear é le haghaidh an mhúin. I bhformhór na speiceas, níl aon fheidhm atáirgthe ag
Hormón
Ábhar é hormón a dhéantar in áit amháin agus a thaistealaíonn tríd an bhfuil le héifeacht a bheith aige ar chuid eile den cholainn
Nicholas Culpeper
Astralaí is lia a rugadh i Londain ab ea Nicholas Culpeper (1616-1654). I 1649 d'fhoilsigh sé an chéad aistriúchán Béarla ar Pharmocopoeia Choláiste na Lianna i Londain, lámhleabhar údarásach na ndrugaí ceadaithe, a dtréithe, a n-úsáidí, a bhfo-iarsmaí, a n-ullmhúcháin is a ndáileoga molta: A Physical Directory a thug sé air. I 1652 d'fhoilsigh sé The English Physician agus i 1653 The Complete Herbal
Diosfóine
Neamhord urlabhra ina mbíonn tréith mhínormálta ag an nguth. Tugtar afóine uirthi nuair nach mbíonn aon ghuth ann. Is féidir go mbeidh airde, treise is tondath an ghutha chomh neamhéifeachtach sin go mbíonn an urlabhra dothuigthe, agus nuair a bhíonn sí intuigthe go mbíonn sí aisteach. Is féidir go mbeidh cúiseanna fisiciúla nó síceolaíocha léi
Tracóime
Ionfhabhtú na súile de bharr an bhaictéir Clamydia trachomatis. Eindéimeach i dtíortha bochta, an chúis inseachanta daille is mó ar Domhan. Aistrítear na baictéir ó pháiste go páiste, agus cuireann siad isteach ar na caipíní súile, á n-athlasadh. Le hathionfhabhtuithe, tagann coilm ar na caipíní agus iompaíonn na fabhraí isteach. Greannaíonn siad dromchla na súile is déanann damáiste dó, agus faoi dheireadh cailltear radharc na súile go hiomlán
Lia
Duine a bhfuil údarás aige/aici míochaine a chleachtadh is ea dochtúir leighis nó lia, tar éis cúrsa faofa traenála a chríochnú go rathúil, a dtugtar dochtúir air sa ghnáthchaint
Imscrúduithe leighis
Is éard is imscrúduithe leighis ann ná scrúduithe agus tástálacha a chuirtear ar othair le teacht ar chúiseanna agus chéimeanna galar.íomháú tástálacha fola tástálacha
Cosmaidí
Is éard atá i gcosmaidí ná ullmhóidí a chuirtear ar an gcorp chun é a mhaisiú. Is meascáin comhdhúile ceimiceacha iad go hiondúil
Coiliceam
Crapadh iomarcach is freangadh na matán mín (ainneonach), a tharlaíonn i dtonnta go minic agus a chuireann tús le taomanna péine géire a bhíonn gearr ach tréimhsiúil. Cuireann sé isteach go príomha ar mhatáin mhíne na putóige, chomhchonair an domlais, an pheilbhis dhuánaigh is na n-úiréadar. Tá calcalais sna conairí coiteann mar chúis le coiliceam. Uaireanta faigheann naíonáin coileacam stéigeach mar thoradh ar shlogadh aeir siar le linn ite nó deacracht éigin eile