All Time Top Ten of Conflict for Technology
- Vicipéid
- Ciclipéid, ghréasán-bhunaithe, ilteangach, is ea an Vicipéid agus tá an méid a bhfuil inti ar fáil saor in aisce do phobal na cruinne. Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus tá duine ar bith in ann í a athrú ach teacht a bheith aige ar an Idirlíon. Is iomaí Vicipéid atá ann agus Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge ina measc
- Google
- Is é Alphabet Inc, nó Google mar a thugtar air de ghnáth, an comhlacht ríomhaireachta is mó ar domhan. Is é mar aidhm ag an chomhlacht eagar a chur ar eolas, agus é a chur ar fáil ar gach duine. Láimhseálann Google níos mó ná 70 faoin gcéad d’iarrataí cuardaigh ar líne ar fud an domhain, agus é á chur i gcroílár eispéireas fhormhór na n-úsáideoirí Idirlín. Tá a cheanncheathrú i Mountain View, California
- Windows 7
- Is córas oibriúcháin de chuid Microsoft é Windows 7 atá deartha le rith ar ríomhairí pearsanta. Díoladh don phobal é don chéad uair ar an 22 Deireadh Fómhair 2009. Measann formhór na ndaoine a bhain feidhm as go fóill gur fheabhsú ar Windows Vista é
- Brabhsálaí Gréasáin
- Is éard atá i gceist le brabhsálaí Gréasáin ná an píosa bogearra a úsáidtear chun leathanaigh ghréasáin HTML ar an Ghréasáin a léamh
- Mozilla Firefox
- Is brabhsálaí idirlín saor trasardáin grafach é Mozilla Firefox atá forbartha leis an Mozilla Foundation saorálaí.
Bhí 17.76% do daoine taifeada ag úsáid Firefox de réir suirbhé Aibreán 2008, Ciallaíonn sé sin go úsáidtear Firefox ag timpeall 70 milliún daoine. Is é Firefox an dara brabhsálaí sa domhain tar éis Internet Explorer
- Idirlíon
- Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon, nó an tIdirghréasán, a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí
- HTML
- Is í an Teanga Mharcála Hipirtéacs, nó HTML ceann de na teangacha marcála is bhunúsaigh san Idirlíon. Úsáidtear an teanga chun marcáil a dhéanamh ar cháipéisí agus is féidir le brabhsálaithe Ghréasáin an teanga seo a thuiscint is na cáipéisí a thaispeáint de réir an mharcála, le ceannlínte, cló Iodálacha, íomhánna, srl
- Teicneolaíocht
- Craobhacha den eolaíocht a bhfuil feidhmeanna fóinteacha ag baint leo
- Innealtóireacht bogearraí
- Is éard is innealtóireacht bogearraí ann ná an cur i bhfeidhm de mhodhanna deartha córasacha agus cáinníochtúla le bogearraí a chruthú
- Tram
- Tá tábhacht leis an tram i go leor cathracha sa domhain fós, cé gur baineadh de na sráideanna iad sa chuid is mó de mhór chathracha an domhain. Ritheann sé ar rianta iarann ar nós traenach, ach go bhfuil na rianta sáite faoi bharr an bhóthair. Mar sin tugtar streetcar sa Bhéarla nó Strassenbahn sa Ghearmánais orthu.
Tá córas breá traim ag Heilsincí, ar é an príomhchóras taisteal in ardchathair na Fionlainne é. Tá córas traim i San Francisco i gCalifornia le hos cionn céad bliain