All Time Top Ten of Conflict for Society

An tAontas Eorpach
Is eagraíocht idirnáisiúnta, pholaitiúil agus eacnamaíochta é an tAontas Eorpach (AE). Tá seacht dtír is fiche ann agus iad ar fad lonnaithe i mór-roinn na hEorpa. Tá daonra de thuairim is 447 milliún aige
Stair
Cur síos ar an saol atá caite, agus ciall a bhaint aisti, atá i gceist le stair. Is ón Fhraincis "Histoire" a tháinig an focal go Gaeilge, agus tá a bhunús sa bhfocal Gréigise ἱστορία, historia, a chiallaíonn eolas a fuarthas trí imscrúdú. Is féidir stair réigiúin leathain agus cultúir ar fad a chur síos agus staidéar a dhéanamh orthu, nó is féidir dian-staidéar a dhéanamh ar thír, ar bhaile, ar dhuine, nó ar cheird nó aon gné eile den saol thar am
An Araibis
Is teanga Sheimíteach í an Araibis atá ar an séú teanga is mó cainteoirí ar domhan. Is í an teanga a labhraíonn an líon is mó cainteoirí dúchais de na Teangacha Seimíteacha í. Sa domhan Arabach is mó a labhraítear í agus is as an bpobal Arabach a ainmníodh í. Áitítear uaireanta gur teangacha éagsúla Arabacha atá i gceist seachas aon teanga amháin
Daoine gorma
Is é daoine gorma an téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil tréithe fisiciúla comónta acu, ina measc craiceann dorcha
An Béarla
Is teanga Ghearmáinice é an Béarla nó an Sacs-Bhéarla atá bunaithe ar na canúintí a bhí ag na hAngail agus ag na Sacsanaigh, treibheanna de bhunadh Teotanach a tháinig i dtír sa Bhreatain ag deireadh ré na Rómhánach. Bhí tionchar mór, freisin, ag an Laidin ar an teanga, maille le teangacha eile níos déanaí, mar shampla, an Fhraincis, an Ghréigis agus teangacha éagsúla an domhain, go háirithe iad siúd a bhí á labhairt go forleathan in Impireacht na Breataine
Euro
Is é an euro an t-airgeadra i gcás mórchuid de mhuintir na hEorpa
Ceadúnas GNU do Dhoiciméadú Saor
Is éard is an Ceadúnas GNU do Dhoiciméadú Saor ná ceann de na ceadúnais is coitianta don ábhar saor. Is macadamhail é leis an gCeadúnas Ginearálta Poiblí GNU, a bhaineann le ábhar oscailte. Foilsithe ag an Free Software Foundation é, an grúpa a stiúrann an tionscadal GNU
Na Náisiúin Aontaithe
Bunaíodh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe sa bhliain 1945. Fóram is ea na Náisiúin Aontaithe inar féidir leis na 193 ballstát ceisteanna deacra a ardú agus a phlé, fadhbanna cogaidh agus síochána ina measc. Chomh maith leis an tsíocháin agus an tslándáil a chothú ar domhan, cosnaíonn Eagraíocht na Náisiún Aontaithe cearta an duine, tugann sí cabhair dhaonnúil, cuireann sí an fhorbairt inbhuanaithe chun cinn agus seasann sí leis an dlí idirnáisiúnta
Lá Fhéile Vailintín
Féile bhliantúil is ea Lá Fhéile Vailintín a cheiliúrtar ar an 14 Feabhra. Féile í a bhaineann le cúrsaí grá agus ceana idir compánaigh atá dlúth lena chéile
Teangacha Slavacha
Foghrúpa de chuid na dteangacha Ind-Eorpacha iad na teangacha Slavacha. Tá gaol sách dlúth ag na teangacha seo go léir le chéile, rud atá so-aitheanta ag aon duine a bhfuil salacharaíl éigin i gceann de na teangacha seo aige - is é sin, ní chaithfidh sé a bheith ina theangeolaí oilte