All Time Top Ten of Conflict for Religion

An Córan
Is é an Córan, nó an Córán, leabhar naofa an Ioslaim. An urraim a thugtar don Chóran san Ioslam, tá sí cosúil leis an urraim a thugtar d'Íosa sa chreideamh Críostaí. Is é an rud a chreideann an Moslamach fíréanta gurb é an Córan briathar neamhthruaillithe Dé, agus mar sin, tá sé an-tábhachtach téacs an Chórain a chosaint ar gach cineál truailliú. Dá réir sin, ní ghlactar ach leis an gCóran Araibise mar fhíor-leabhar naofa. Rinne Muid Córan Araibise de, ionas go dtuigfeadh
An Hiondúchas
Is traidisiún spioradálta aondiach oirthearach é an Hiondúchas. Sa lá atá inniu ann, is é an tríú creideamh is mó ar domhan, agus ceann de na reiligiúin is sine ar domhan. D'imir an Hiondúchas tionchar mór ar reiligiúin eile, mar shampla an Búdachas, an Saíceachas agus an Seaineachas
Eaglais Fhíor Íosa
Is eaglais neamh-shainchreidmheach neamhspleách í Eaglais Fhíor Íosa, (真[Zhēn] 耶[Yē] 穌[sū] 教[Jiào] 會[Huì]) a bunaíodh i mBéising, an tSín, i 1917. Gluaiseacht a tosaíodh le leas a chur ar an Eaglais Protastúnach atá ann, ach a d´fhág An Áise scoilte i dtaobh cleachtadh creidimh de
An tIoslam
Is é an tIoslam an dara reiligiún is mó ar domhan agus an ceann is tapúla a bhfuil fás ag teacht air faoi láthair. Tugtar Moslamach ar dhuine dá lucht leanúna. Reiligiún aondiach é an tIoslam, is é sin go gcreidtear gurb ann d'aon Dia amháin, agus gur nocht sé a theachtaireacht naofa tríd na fáithe, arbh é Mohammad an duine deireanach acu. Is é an Córan leabhar naofa an Ioslaim. Tá áit an-lárnach ag an gCóran san Ioslam, ó chreideann an Moslamach fíréanta gur teachtaireacht atá
An Chríostaíocht
Is creideamh aondiach í an Chríostaíocht atá bunaithe ar shaol agus ráitis Íosa Chríost sa Tiomna Nua
Pápa
Is é an Pápa ceannaire na hEaglaise Caitlicí. De réir thuiscint oifigiúil na hEaglaise, b'é Naomh Peadar an chéad Phápa. Tháinig an focal féin ón bhfocal Gréigise pappas, a chiallaíonn "athair", agus ón bhfocal Laidine papa, arb ionann an bhrí leis. Is é Proinsias, a rugadh faoin ainm Jorge Mario Bergoglio, atá ina Phápa ó 13 Márta 2013 i leith. Tháinig sé i gcomharbas ar Bheinidict XVI, a bhí ina Phápa ón mbliain 2005 go dtí go n-éirigh sé as an bpápacht ar 28 Feabhra 2013
Iugarnáit
Dia Hiondúch a dtugtar Visniú air freisin, a bhfuil teampall ina onóir i bPuri na hIndia. Dhá chiall ghaolmhara a bhíonn leis an bhfocal in iarthar an Domhain: fórsa ollmhór dochoiscthe, agus feithicil ollmhór tarracóra/leantóra. Meastar go dtagann sé seo ó ghnás lucht leanta an dé iad féin a chaitheamh faoi rotha na cairte a iompraíonn íomhá an dé i mórshiúl a fhéile
Eoleolaíocht
Is í an Eoleolaíocht nó Eaglais na hEoleolaíochta an creideamh a chum agus a cheap an scríbhneoir ficsin eolaíochta L. Ron Hubbard sa bhliain 1952. Creideamh é a bhí go minic ina chúis achrainn ó thús a staire, agus is minic nach mbíonn sé soiléir cé acu creideamh nó córas teiripe agus comhairleoireachta atá ann. Cuirtear ina leith fosta go bhfuil blas áirithe den cheoldráma spáis ar thuiscint na hEoleolaíochta ar réamhstair an chine dhaonna
Mahamad
Ba é Muhammad fáidh an Ioslaim. Creideann na Moslamaigh gur nocht Dia a theachtaireacht naofa tríd na fáithe, arbh é Muhammad an duine deireanach acu
An Bíobla
Is éard atá sa Bhíobla ná focal Dé, de réir mar a mheasann na Críostaithe agus na Giúdaigh. Tagann "Bíobla" ón nGréigis: (τα) βιβλια, (ta) biblia, "na leabhair", iolra an fhocail βιβλιον, biblion, "leabhar". Tá dhá phríomhroinn sa Bhíobla, an Sean-Tiomna agus an Tiomna Nua. Baineann an Sean-Tiomna leis an Seanreacht, conradh nó beartas sollúnta slánaithe a socraíodh le linn Mhaois, agus tá an Tiomna sin scríofa in Eabhrais, cé is moite de shleachta i nDainéil agus in