All Time Top Ten of Conflict for History

Cogadh na Saoirse (Éire)
Tugtar Cogadh na Saoirse, 21 Eanáir 1919 - 11 Iúil 1921, ar an treallchogadh idir Rialtas na Breataine in Éirinn agus Óglaigh na hÉireann, a bhí faoi smacht na Chéad Dála. Parlaimint neamhspleách a bhí ann, agus í curtha i dtoll le chéile as feisirí Éireannacha a vótáladh isteach in olltoghchán Westminster sa bhliain 1918, an tromlach acu a thoiligh le dul ar an Dáil mar theachtaí
Cogadh Cathartha na hÉireann
B'é síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh a chuir tús leis an gcoimhlint ar a dtugtar Cogadh Cathartha na hÉireann, nó Cogadh na gCarad. B'fhéidir go bhfuair 1,500 bás idir Meitheamh 1922-Bealtaine 1923 mar gheall ar an troid
Impireacht na Rúise
Úsáidtear an téarma Impireacht na Rúise le tagairt a dhéanamh don ré stairiúil ó laethanta Pheadair Mhóir go dtí Réabhlóid na Rúise 1917. San am seo, tháinig fás agus borradh ar an Rúis mar stát, go dtí gur shín sí ón Muir Bhailt go dtí an tAigéan Ciúin. Tháinig deireadh deifnídeach leis an Impireacht nuair a mharaigh na Boilséivigh an tImpire deireanach, Nioclás a Dó, agus a theaghlach in Yekaterinburg, áit ar cuireadh ar díbirt é
1ú haois RC
Dara Cogadh Domhanda
Ba é an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ba mhó a cuireadh i rith na fichiú haoise, agus é le haithint ar fud an domhain. Thosaigh an cogadh san Eoraip ar 1 Meán Fómhair 1939, ach is féidir a rá go raibh coimhlint bhainteach ar siúl san Áise ón 7 Iúil 1937, nó b'ansin a d'ionsaigh an tSeapáin an tSín an dara huair i rith na haoise. Nuair a tharraing ionsaí na Seapánach ar Pearl Harbour na Meiriceánaigh isteach i gcogadh an Aigéin Chiúin, bhí cogadh na Síne is na Seapáine á fhearadh ar
Ionsaithe 11 Meán Fómhair
Is éard a bhí i gceist le hIonsaithe 11 Meán Fómhair ná sraith de cheithre ionsaí sceimhleoireachta ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, réitithe ag na mbuíon Ioslámach sceimhleoireachta al-Qaeda, maidin dé Máirt, 11 Meán Fómhair, 2001. Maraíodh 2,977 duine, gortáiodh níos mó ná 25,000 agus cruthaíodh an iliomad fadhbanna sláinte fadtéarmacha de bharr na n-ionsaithe. Anuas ar sin, deineadh scríos mhillteach ó thaobh an bhonneagair agus na maoine de, ar chostas thart ar 10 billiún dollar
Uileloscadh
Is é an tUileloscadh an t-ollscriosadh a rinne na Naitsithe ar na Giúdaigh, na Romaigh agus grúpaí áirithe eile, le linn an Dara Cogadh Domhanda. Bhí an frith-Ghiúdachas i gcroílár na hidé-eolaíochta Naitsíche ón tús, agus d'fhógair Adolf Hitler ina leabhar Mo Chath Féin go mbeadh an Ghearmáin ábalta an Chéad Chogadh Domhanda a ghnóthú, ach na "naimhde inmheánacha" a mharú le gás. An té a ghlacfadh an leabhar i ndáiríre, bheadh sé in ann, mar sin, an tUileloscadh a thuar roimh ré
An Chéad Chogadh Domhanda
Is éard a bhí i gceist leis an gCéad Chogadh Domhanda nó an Cogadh Mór ná coimhlint dhomhanda a mhair ón mbliain 1914 go dtí an bhliain 1918. Sháraigh sé na cogaí go léir roimhe sin, agus inniu féin glactar leis go raibh sé ar an gcogadh ba mhó agus ba scriosúla i stair an chine dhaonna roimh an Dara Cogadh Domhanda. Cuireadh an chuid ba mhó den chogadh san Eoraip. Fágadh na milliúin marbh, agus tháinig domhan nua chun saoil de thoradh an chogaidh
19ú haois
Réabhlóid na Fraince
B'eachtra agus tréimhse an-tábhachtach í Réabhlóid na Fraince (1789-1799) i stair na Fraince agus stair na hEorpa ó thaobh na polaitíochta agus ó thaobh an tsochaí