All Time Top Ten of Conflict for Health

Hormón
Ábhar é hormón a dhéantar in áit amháin agus a thaistealaíonn tríd an bhfuil le héifeacht a bheith aige ar chuid eile den cholainn
Paindéim COVID-19
Is paindéim leanúnach de ghalar coróinvíreas 2019 (COVID-19) é Paindéim COVID-19. Sainaithníodh den chéad uair í i mí na Nollag 2019 in Wuhan, príomhchathair chúige Hubei na Síne
Brillín
Is gnéasorgán baineannach é an brillín, atá i láthair i mamaigh, ostraisí agus líon teoranta ainmhithe eile. I ndaoine, tá an chuid infheicthe - an bhreall - ag acomhal tosaigh na labia minora, os cionn oscailt an úiréadra. Murab ionann agus an péineas, sé sin, an homalóg fireann atá coibhéiseach leis an mbrillín, de ghnáth ní bhíonn an chuid aimhneasaigh den úiréadra ann, agus mar sin ní úsáidtear é le haghaidh an mhúin. I bhformhór na speiceas, níl aon fheidhm atáirgthe ag
Heipitíteas C
Is galar ionfhabhtaíoch atá i heipitíteas C ina gcuireann an víreas heipitíteas C as don ae. Is minic nach mbíonn siomptóim ag dul leis an ngalar, ach nuair is ann dó feadh achair, is féidir le coilm an ae (fiobróis) forbairt ann, agus tig leis seo athrú ina chiorróis a thagann chun solais tar éis roinnt mhaith blianta, de ghnáth. I roinnt cásanna, cúiseoidh an chiorróis cliseadh an ae nó aimhréidheanna eile, ina measc; ailse an ae, is varices éasafagacha nó gastracha
Síciatracht
Is é atá sa síciatracht ná an chraobh den leigheas a bhaineann leis an meabhar agus le galar meabhar nó galar intinne
Scorbach
Is éard is scorbach ann ná galar a thagann ar dhaoine nach bhfuil ag fáil a ndóthain vitimín C as a gcuid bia. Is iad na hairíonna a bhaineann leis an scorbach ná spotaí sa chraiceann agus cur fola na seicní smugacha. Má fhágtar an galar ag dul chun donais, tosóidh an drandal ag cur fola freisin, agus na fiacla ag titim amach. Iompóidh na spotaí sa chraiceann ina gcneánna oscailte, agus sa deireadh, gheobhaidh an t-othar bás
Toisc riosca
Is éard is toisc riosca san eipidéimeolaíocht ann ná athraitheach a bhfuil baint aige le riosca ardaithe galair nó tinnis
Leoicéime
Is éard is leoicéime ann ná galar fola nó smeara a chuireann na fuilchealla - na cinn bhána ach go háirithe - ag dul i bhflúirse ar dhóigh neamhnormálta. Ní haon ghalar amháin í an leoicéime ach speictream leathan de ghalair
Ginmhilleadh
Is éard is ginmhilleadh ann ná deireadh a chur le toircheas trí suth nó féatas a bhaint nó a dhíbirt sula bhféadann sé maireachtáil taobh amuigh den útaras
Néareolaíocht
Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas a bhaineann le tubaistí agus galair a bhaineann leis na gcillín néarach (néaróg). Tugtar néareolaí ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar othair a bhfuil galra néaracha orthu, m.sh. titimeas, galar Parkinson nó stróc