2022 Top Ten of Conflict for Health
- Siondróm uireasa iaidín ó bhroinn
- Riocht a chuireann isteach ar pháistí nach mbíonn soláthar dóthanach hormón tíoróideach (tíorocsaín) acu. I gcásanna áirithe, bíonn an fhaireog thíoróideach méadaithe. Ní tharlaíonn fás ná forbairt normálta, agus bíonn mar thoradh airde íseal, borrúlacht craicinn, teanga mhéadaithe, cailliúint gruaige, agus uireasa meabhrach. Is féidir naíonáin a scagthástáil go luath tar éis a mbreithe féachaint an bhfuil dóthain hormóin thíoróidigh á táirgeadh acu
- Ospidéal Naomh Micheál
- Ospidéal oiliúna i mBaile Átha Cliath na hÉireann é Ospidéal Naomh Micheál a chuireann seirbhís leighis ar fáil don chontae agus don cheantar máguaird. Otharlann ghinearálta atá ann atá lonnaithe i nDún Laoghaire agus cludaíonn an t-ospidéal roinnt sainréimsí éagsúla. Tá an t-ospidéal nasctha le COBÁC mar ospidéal oiliúna
- Croí saorga
- Caidéal, fuinnmhithe le batairí, a dhéanann an fhuil a chaidéalú i gceart ar fud na colainne, le teacht i gcabhair ar dhaoine le galar croí ar leith a dtugtar cliseadh cairdiach air, a bhíonn ina thrúig bháis do níos mó daoine sa tír seo is ar fud an domhain thiar ná aon ghalar eile. Modh amháin le duine a shábháil is ea an croí lag a bhaint agus croí sláintiúil a thrasphlandáil ann. Éiríonn leis an obráid seo an chuid is mó den am, ach ní féidir teacht ar dhóthain croíthe
- Scorbach
- Is éard is scorbach ann ná galar a thagann ar dhaoine nach bhfuil ag fáil a ndóthain vitimín C as a gcuid bia. Is iad na hairíonna a bhaineann leis an scorbach ná spotaí sa chraiceann agus cur fola na seicní smugacha. Má fhágtar an galar ag dul chun donais, tosóidh an drandal ag cur fola freisin, agus na fiacla ag titim amach. Iompóidh na spotaí sa chraiceann ina gcneánna oscailte, agus sa deireadh, gheobhaidh an t-othar bás
- Comhairleoir leighis
- Tugtar comhairleoir leighis ar dhochtúir leighis ar shaineolaí é i ngné den leigheas. De ghnáth is i mbailte móra a chleachtann sé. Tá comhairleoirí leighis a dhéanann an-chuid múinteoireachta agus taighde, go háirithe sna cathracha
- Néareolaí
- Tugtar néareolaí ar dhochtúr leighis a chleachtann le h-othair a bhfuil galra néaracha orthu nach gnáthach galra intinne a thabhairt orthu, m.sh. titeamas, galar Parkinson nó stróc. Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas. De ghnáth, ní bhíonn morán dá gcleachtadh ag baint le galar intinne go díreach, cé go mbíonn mórán cásanna ina mbíonn siomptaim de ghalar néarach chomh maith le galar intinne
- Síciatracht
- Is é atá sa síciatracht ná an chraobh den leigheas a bhaineann leis an meabhar agus le galar meabhar nó galar intinne
- Néareolaíocht
- Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas a bhaineann le tubaistí agus galair a bhaineann leis na gcillín néarach (néaróg). Tugtar néareolaí ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar othair a bhfuil galra néaracha orthu, m.sh. titimeas, galar Parkinson nó stróc
- Máinliacht
- Craobh den leigheas é an mháinliacht a bhaineann le galair a bhfuil leigheas orthu tré obráid, agus leis na modhanna a n-úsáidtear leis an leigheas sin a chur ar bun. Tugtar máinlia ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar a leithéid d'othair, agus a dhéanann na hobráid, go háirithe nuair is comhairleoir leighis é
- Cnáimhseachas
- Brainse den mhíochaine a bhaineann le toircheas is luí seoil is ea cnáimhseachas