2022 Top Ten of Conflict for Geography
- An Pollach
- Is sráidbhaile é an Pollach. Tá sé suite ar Oileán Acla i gContae Mhaigh Eo, idir Dumha Acha agus An Caol
- Uvalde, Texas
- Is é Uvalde príomhbhaile Contae Uvalde, Texas. Bhí 15,217 ina gconaí in Uvalde sa bhliain 2020
- Palmdale, California
- Cathair i ndeisceart California is ea Palmdale. Tá sí suite i dtuaisceart Chontae Los Angeles. Tá na sléibhte San Gabriel idir Palmdale agus Cathair Los Angeles. Is í an chéad baile neamheagraithe dár tugadh stádas mar chathair di i nGleann Antelope (1962). Sa bhliain 2010 fuarthas 152,750 duine ina gcónaí sa chathair
- An Clochán (Contae na Gaillimhe)
- Is baile i gContae na Gaillimhe é an Clochán. Bhí 2,056 duine ina gcónaí ar an gClochán sa bhliain 2011
- An Rúisis
- Teanga Shlavach is ea an Rúisis a bhfuil níos mó cainteoirí aici ná ag aon teanga eile san Eoraip
- An Afracáinis
- Is teanga Iar-Ghearmáinice í an Afracáinis, agus í an-chosúil leis an Ollainnis. Labhraítear san Afraic Theas agus sa Namaib í thar aon áit eile, ach tá teacht ar an gcorr-chainteoir sa Bhotsuáin, i Leosóta, sa tSuasalainn, sa tSiombáib, agus sa tSaimbia chomh maith. De thoradh na himirce ón Afraic Theas, tá timpeall ar 30.000 cainteoir Afracáinise ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe. Tá pobail thábhachtacha i bPerth san Astráil, i dToronto, Ceanada agus Auckland sa Nua-Shéalainn freisin
- An Afganastáin
-
Tír Áiseach í an Afganastáin. Tá sí suite i lár na hÁise agus í teorainn ar theorainn leis an Iaráin, an Phacastáin, an Tuircméanastáin, leis an Úisbéiceastáin, leis an Táidsíceastáin agus leis an tSín. Is é Cabúl an phríomhchathair. Tá 33.3 milliún duine ina gcónaí sa tír
- Cluain Cearbán
- Is baile beag í Cluain Cearbán ar iarchósta Mhaigh Eó. Tá an baile suite ar an gcósta theas den Cuan Mó. Bhí cónaí ar 422 duine i gCluain Cearbán sa bhliain 2011. Tá an baile lonnaithe ar bhruach na Bhun Abhann
- An Ghearmáinis
- Is í an Ghearmáinis teanga náisiúnta na Gearmáine agus na hOstaire. Deutsch a thugann lucht labhartha na teanga féin uirthi. Tá sí ar cheann de theangacha oifigiúla na hEilvéise, chomh maith leis an bhFraincis, an Iodáilis agus an Réata-Rómáinis. Tá stádas oifigiúil aici i Lucsamburg chomh maith, in éineacht leis an bhFraincis agus an Lucsambuirgis, agus sna ceantair Bheilgeacha atá suite in aice leis an nGearmáin
- Gaillimh
- Cathair in iarthar na hÉireann is ea Gaillimh agus tuairim is 79,934 duine ina gcónaí inti. Is í Gaillimh príomhbhaile Chontae na Gaillimhe. De réir cuntais Ruaidhrí Uí Fhlaithbheartaigh, tagann ainm an bhaile ó Abhainn na Gaillimhe