2021 Top Ten of Polemic for Society

Hewlett-Packard
Ba chomhlacht ríomhaireachta é Hewlett-Packard, agus é lonnaithe in Palo Alto, California. Ba é an comhlacht teicneolaíochta faisnéise is mó ar domhan é. Tá clú ar a gcuid clóirí agus ríomhairí pearsanta. Scoilteadh an comhlacht ar 1 Samhain 2015 ina dhá chomhlacht poiblí: HP Inc. agus Hewlett Packard Enterprise
Bord na Gaeilge
Eagraíocht stáit i bPoblacht na hÉireann ab ea Bord na Gaeilge a bunaíodh leis an Acht um Bord na Gaeilge i 1978 chun úsáid na Gaeilge mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide a chur chun cinn
Líonra digiteach de sheirbhísí iomlánaithe
Seirbhís a chuireann údaráis teileafóin ar fáil chun gur féidir cumarsáid gutha is sonraí a dhéanamh ar an líne chéanna. Is féidir teachtaireachtaí gutha a iompar ar an dóigh chéanna le tarchur sonraí
Ciníochas
Is é atá i gceist le ciníochas ná smaoineamh nó claontacht a deir gur fearr ciníocha áirithe ná cinn eile
Irisí ⁊ Nuachtáin Gaeilge
Is éard atá sa leathanach seo ná liostaí d'Irisí, Nuachtán nó tréimhseachán Gaeilge a scríobhadh nó atá fós á scríobh go fisiciúil nó ar líne. Tá iarracht déanta bliain eisiúna agus tréimhse eisthe a aimsiú do gach ceann acu
Eite chlé
Tugtar an Eite Chlé ar dhaoine a thacaíonn le páirtithe sóisialacha agus páirtithe cumannacha
Creideamh in Éirinn
In Éirinn, is é an príomh chóras creidimh ná an Chríostaíocht. D'fhás an Chríostaíocht ó aimsir Naoimh Phádraig, go dtí gur bheagán de shean chreideamh na nGael a sheas i ndiaidh na meán aoiseanna
Síceolaíocht
Is í an tsíceolaíocht ná an brainse sin den eolaíocht a bhaineann le aireachtáil, smaoineamh, mothúcháin, agus iompar, agus mar a éiríonn siad as próisis orgánacha agus in imoibriú leis an timpeallacht nádúrtha agus shóisialta
Conradh Angla-Éireannach
Sa bhliain 1921, tar éis Chogadh na Saoirse, shínigh ionadaithe na Chéad Dála agus rialtas na Breataine an conradh síochána ar a dtugtar an Conradh Angla-Éireannach. Bunaíodh Saorstát Éireann, a bheadh ina Tiarnas agus thug sé rogha don pharlaimint Tuaisceart Éireann a bheith mar pháirt don Saorstáit nua nó le fanacht laistigh den Ríocht Aontaithe. Bhí Éire le fanacht laistigh de Chomhlathas na Breataine, agus bhí ceathar chalafort le fanacht in úsáid na Breataine
Wall Street
Is sráid chúng i Manhattan íochtarach, i gcathair Nua Eabhraic, í Wall Street. Tá an tionscail airgeadais agus infheistíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá lonnaithe ar Wall Street agus sna sráideanna mórthimpeall