2021 Top Ten of Polemic for History

An Ré Dhorcha
Téarma a bhíodh in úsáid don tréimhse i stair na hEorpa timpeall 500-1000, díreach i ndiaidh titim impireacht na Róimhe, nuair a tharla ionsaithe is inimircí na nGotach is daoine eile ón iarthar. Ach tharla bláthú san ealaín is an scoláireacht Ghaelach agus tionchar na hÉireann ar an Eoraip sa tréimhse sin, bhláthaigh ealaín is ailtireacht na Biosáinte san oirdheisceart, agus ealaín is ailtireacht na hAraibe san iardheisceart
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Ba stát ceannasach é Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann (RA) a bhí ann idir 1801 agus 1922. Bunaíodh é le hAchtanna an Aontais 1800, a rinne ríochtaí na Breataine Móire agus na hÉireann a chumasc ina stát aontaithe. Mar thoradh ar Shaorstát na hÉireann a bhunú i 1922 athainmníodh an tír ina dhiaidh sin mar An Ríocht Aontaithe i 1927, atá fós ann sa lá atá inniu ann
Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann (OTPTÉ)
Is é Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann nó OTPTÉ; , an cartlann oifigiúil do Thuaisceart Éireann, agus os cionn trí mhilliúín taifead poiblí agus príobháideach i dtaisce acu. Cuireann OTPTÉ oidhreacht ar leith cartlainne ar fáil do Thuaisceart Éireann, do na gúine atá ann faoi láthair, agus atá le teacht
Paindéim COVID-19 sa Ríocht Aontaithe
Is cuid den phaindéim dhomhanda é paindéim COVID-19 sa Ríocht Aontaithe, agus coróinvíreas ar leith is cúis leis an bpaindéim. Dhearbhaigh rialtas na Breataine an chéad chás de COVID-19 sa Ríocht Aontaithe ar an 31 Eanáir 2020, nuair a bhí toradh dearfach ar bheirt náisiúnach na Síne ag fanacht in óstán in Eabhrac. Ag deireadh mhí Feabhra 2020, tuairiscíodh an chéad chás den ghalar i dTuaisceart Éireann agus an Bhreatain Bheag. Fógraíodh an chéad chás den ghalar in Albain ag tús
Siosma Mór 1054
Briseadh idir an Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus Eaglais Cheartchreidmheach an Oirthir a tharla sa bhliain 1054 ab ea an Siosma Mór. Go díreach tar éis an tsiosma, meastar go raibh móramh an-bheag ag an Eaglais Cheartchreidmheach i measc Críostaithe ar fud an domhain. Tharla an siosma mar gheall ar dhifríochtaí diagachta agus polaitíochta idir lucht an Iarthair agus an Oirthir sna céadta bliain roimh 1054, ina measc, an chonspóid maidir le toscú an Spioraid Naoimh (Filioque), cibé acu
Saorstát Éireann
Is é Saorstát Éireann an stát a bunaíodh i sé chontae fichead na hÉireann, ar an 6 Nollaig 1922, i ndiaidh shíniú an Chonartha Angla-Éireannaigh. Mhair an Saorstát go dtí gur tháinig Bunreacht na hÉireann i bhfeidhm sa bhliain 1937
Impireacht na Róimhe
Is gnách Impireacht na Róimhe a thabhairt ar thréimhse an rialtais uathlathaigh i stair na sibhialtachta sean-Rómhánaí. Tháinig ré na hImpireachta i ndiaidh na Poblachta Rómhánaí, a mhair an leathmhílaois ón mbliain 510 r. Chr. go dtí an aois dheireanach r. Chr. Ba é ba chúis le deireadh na Poblachta ná an lagú a tháinig ar fhorais agus ar thraidisiúin na Poblachta de dheasca na coimhlinte idir Gaius Marius agus Lucius Cornelius Sulla, agus, ina dhiaidh sin, de dheasca an chogaidh
Cogadh na Fionlainne (1808-1809)
Is éard a bhí i gceist le Cogadh na Fionlainne ná cogadh a chuir Impireacht na Rúise ar an tSualainn sna blianta 1808-1809 agus a rinne cúige Rúiseach de chríocha thoir na Sualainne, is é sin, den Fhionlainn
Sintashta
Láithreán seandálaíochta is ea Sintashta agus é suite in Chelyabinsk Oblast sa Rúis. Tá iarsmaí lonnaíochta daingnithe ann a bhaineann leis an gCré-umhaois, c. 2800-1600 RCh agus is é láithreán cineáil an chultúir Sintashta é
Éirí Amach na Cásca
Ceannairc i gcoinne fhorlámhas na Breataine ar Éirinn ab ea Éirí Amach na Cásca ar Luan Cásca, 24 Aibreán 1916. Ghlac na hÓglaigh agus an tArm Cathartha seilbh ar fhoirgnimh thábhachtacha i lár Bhaile Átha Cliath, agus Ardoifig an Phoist i Sráid Uí Chonaill mar cheanncheathrú acu. Ós rud é gur fhoilsigh ceannaire na nÓglach, Eoin Mac Néill, fógráin ar na nuachtáin an tseachtain roimh an gCáisc, agus é ag fógairt "go raibh paráidí na nÓglach ar an gCáisc" curtha ar ceal, níor