2021 Top Ten of Polemic for Health
- Scaradh sóisialta
- Is éard is scaradh sóisialta ann ná tacar de ghníomhartha rialaithe ionfhabhtaithe neamh-chógaisíochta a bhfuil sé d’aidhm acu leathadh galar tógálach a stopadh nó a mhoilliú. Is é cuspóir an scartha shóisialta ná an dóchúlacht teagmhála idir daoine a bhfuil ionfhabhtú orthu a laghdú, agus daoine eile nach bhfuil ionfhabhtaithe, d’fhonn tarchur galair, galracht agus básmhaireacht a íoslaghdú
- Paindéim COVID-19
- Is paindéim leanúnach de ghalar coróinvíreas 2019 (COVID-19) é Paindéim COVID-19. Sainaithníodh den chéad uair í i mí na Nollag 2019 in Wuhan, príomhchathair chúige Hubei na Síne
- Liacht bhan
- Tugtar liacht bhan nó gínéiceolaíocht ar an gcraobh den leigheas a bhaineann le galair agus mífheidhmiú chórais giniúna ban. Lia ban a thugtar ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar mhná le béim ar a mbaill giniúna
- Néareolaí
- Tugtar néareolaí ar dhochtúr leighis a chleachtann le h-othair a bhfuil galra néaracha orthu nach gnáthach galra intinne a thabhairt orthu, m.sh. titeamas, galar Parkinson nó stróc. Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas. De ghnáth, ní bhíonn mórán dá gcleachtadh ag baint le galar intinne go díreach, cé go mbíonn mórán cásanna ina mbíonn siomptaim de ghalar néarach chomh maith le galar intinne
- Cnáimhseachas
- Brainse den mhíochaine a bhaineann le toircheas is luí seoil is ea cnáimhseachas
- Comhairleoir leighis
- Tugtar comhairleoir leighis ar dhochtúir leighis ar shaineolaí é i ngné den leigheas. De ghnáth is i mbailte móra a chleachtann sé. Tá comhairleoirí leighis a dhéanann an-chuid múinteoireachta agus taighde, go háirithe sna cathracha
- Altra
- Tugtar altra ar chleachtaitheoir a thugann aire do othair agus ar féidir leis nó léi scrúdú teoranta a dhéanamh
- Síciatracht
- Is é atá sa síciatracht ná an chraobh den leigheas a bhaineann leis an meabhar agus le galar meabhar nó galar intinne
- Máinliacht
- Craobh den leigheas é an mháinliacht a bhaineann le galair a bhfuil leigheas orthu tré obráid, agus leis na modhanna a n-úsáidtear leis an leigheas sin a chur ar bun. Tugtar máinlia ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar a leithéid d'othair, agus a dhéanann na hobráid, go háirithe nuair is comhairleoir leighis é
- Néareolaíocht
- Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas a bhaineann le tubaistí agus galair a bhaineann leis na gcillín néarach (néaróg). Tugtar néareolaí ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar othair a bhfuil galra néaracha orthu, m.sh. titimeas, galar Parkinson nó stróc