2020 Top Ten of Polemic for Technology
- Bóthar
- Is slí, bealach nó cosán idir áiteanna é bóthar. Tugtar ród ar bhóthar uaireanta
- Gluaisteán
- Is cóir iompair í an gluaisteán, agus inneall dócháin inmheánaigh á tiomáint. Baintear úsáid as an ngluaisteáin le paisinéirí agus lastas a iompar, agus í an-áisiúil i gcomhair aistir fhada. Go tipiciúil, tugann an gluaisteán slí do chúigear daoine, ach tá gluaisteáin de chineálacha eile ann
- Bus
- Is gluaisteán é bus a thaistealaíonn ar bhóithre ina mbíonn slí iontu do líon mór daoine. Iompraíonn busanna daoine i gcathracha agus bailte agus idir chathracha. Is pléascinneall a chuireann bus chun siúl
- Asarlaíocht
- Creideamh i gcumhachtaí nó eolaíochtaí osnádúrtha, cosúil le draíocht, astralaíocht, ailceimic, diasúnacht, is spioradachas, le cumhacht an duine a mhéadú is é a chosaint ar dhrochfhórsaí, nó leis an todhchaí a réamhinsint. Bhí an t-am ann a bhíodh na heolaíochtaí nádúrtha leathbhainteach le hasarlaíocht, agus na heolaithe faoi amhras de bharr a rúndachta
- Ríomhaire
- Is é an rud atá sa ríomhaire ná meaisín leictreonach agus é ag láimhdeachas sonraí de réir threoracha réamhdhéanta uimhriúla agus loighciúla. Cuirtear na sonraí isteach, agus i ndiaidh a bpróiséala, baintear na torthaí amach ar shlí éigin
- SVG
- Is éard atá i gceist le Grafaic Inscálaithe Veicteoireach ná formáid íomhá le haghaidh grafaicí déthoiseacha atá bunaithe ar XML agus a chothaíonn beochan agus idirghníomhaíocht. Caighdeán oscailte atá ann, agus é á fhorbairt ag Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda (W3C) ón bhliain 1999 i leith
- Stair iarnróid na hÉireann
- Tháinig na hiarnróid go luath go hÉireann, de bharr tionchar na Breataine in Éireann ag an am. Sin an tír inar thosaigh an chéad iarnród ar domhan i 1825. Níos lú ná deich mbliana ina dhiaidh sin, d'oscail an chéad iarnród in Éirinn i 1834. I 1920 bhí na hiarnróid go forleathan in Éireann, le 5,470 km de bhealaí ar an oileán. Tá níos lú ná leath den mhéad sin ann inniu, le easpa mór iarnróid in aice na teorann idir an Tuaisceart agus an Phoblacht
- Idirlíon
- Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon, nó an tIdirghréasán, a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí
- Vicipéid
- Ciclipéid, ghréasán-bhunaithe, ilteangach, is ea an Vicipéid agus tá an méid a bhfuil inti ar fáil saor in aisce do phobal na cruinne. Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus tá duine ar bith in ann í a athrú ach teacht a bheith aige ar an Idirlíon. Is iomaí Vicipéid atá ann agus Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge ina measc
- An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta
- Is údarás in Éirinn é an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, atá freagrach do na bóithre náisiúnta sa tír. Cruthaíodh an NRA mar chuid den Roads Act, 1993, ag tosnú oibre ó 1 Eanáir 1994