2020 Top Ten of Polemic for History
- Luíochán Loch gCál (1987)
- Tharla luíochán Loch gCál, Contae Ard Mhacha, ar 8 Bealtaine 1987, inar mharaigh SAS na Breataine ochtar ball den IRA, chomh maith le sibhialtach amháin a thiomáin isteach san eachtra ar a bhealach óna chuid oibre, i gcomhluadar duine eile a gortaíodh go dona
- Achtanna an Aontais 1800
- Achtanna comhthreomhara de chuid Pharlaimint na Breataine Móire agus Pharlaimint na hÉireann ab ea Achtanna an Aontais 1800 (dá ngairtear in amanna An tAcht Aontais 1801 a d’aontaigh Ríocht na Breataine Móire agus Ríocht na hÉireann le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann a chruthú. Tháinig na hachtanna i bhfeidhm an 1 Eanáir 1801, agus bhí a chéad chruinniú ag an pharlaimint chumaiscthe 'Parlaimint na Ríochta Aontaithe', ar an Déardaoin 22 Eanáir 1801
- Rásaí Chaisleáin an Bharraigh
- Ruaig ar fhórsaí Sasanacha i gCáisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo, i mbun Éirí Amach 1798 in Éirinn a bhí i Rásaí Chaisleán an Bharraigh, ar an 27 Lúnasa 1798
- Neamhspleáchas na Fionlainne
- Ghlac parlaimint na Fionlainne le forógra an neamhspleáchais ar 6 Mí na Nollag 1917. Bhí sé de chuspóir ag an bparlaimint cúl a thabhairt le seanstádas na tíre mar Ard-Dhiúcacht fhéinstiúrtha Rúiseach
- Connachta
- Rítheaghlaigh in iarthair na hÉireann meánaoise ba ea Na Connachta. Mhaígh siad gurbh é Conn Cétchathach, Ardrí seanscéalach, a sinsear. Tá Cúige Connacht an lae inniu ainmnithe astu. Ag amanna éagsúla ámh, bhí tailte acu fosta san Ulaid, Laighean agus Mumhain. Bhíodh an príomhionad acu ag Ráth Cruachan
- Éirí Amach na Cásca
- Ceannairc i gcoinne fhorlámhas na Breataine ar Éirinn ab ea Éirí Amach na Cásca ar Luan Cásca, 24 Aibreán 1916. Ghlac na hÓglaigh agus an tArm Cathartha seilbh ar fhoirgnimh thábhachtacha i lár Bhaile Átha Cliath, agus Ardoifig an Phoist i Sráid Uí Chonaill mar cheanncheathrú acu. Ós rud é gur fhoilsigh ceannaire na nÓglach, Eoin Mac Néill, fógráin ar na nuachtáin an tseachtain roimh an gCáisc, agus é ag fógairt "go raibh paráidí na nÓglach ar an gCáisc" curtha ar ceal, níor
- An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)
- Fuair an tAcht um Rialtas na hÉireann (1920) aontú an rí ar 23 Nollaig 1920 agus chuir rialtas na Breataine an tAcht i bhfeidhm ar 3 Bealtaine 1921. Bhí an tAcht bunaithe ar an Tríú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann (1914). Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar Éirinn, tar éis an Chéad Chogadh Domhanda
- Céadchuairt Chríostóir Colambas go Meiriceá
- Ar 5 Nollaig, 1492, tháinig Críostóir Colum go Meiriceá i seirbhís Rí na Spáinne. Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Meiriceá, cé go ndeirtear freisin gur tháinig Gaeil, mar shampla Naomh Breandán, agus Lochlannaigh, ann roimhe ón Eoraip. Ar oileán Easpáinneoil a tháinig sé i dtír ar a chéad turas
- Reifirméisean
- Tugtar an Reifirméisean ar ghluaiseacht a thosaigh sa 16ú haois le leas a chuir ar an Eaglais Chaitliceach, ach a d´fhág an Eoraip scoilte i dtaobh cleachtadh creidimh
- Óglaigh Uladh
- Eagraíocht mhíleata a bunaíodh sa bhliain 1912 chun cur i gcoinne an Rialtais Dúchais d'Éirinn is ea Óglaigh Uladh