2020 Top Ten of Conflict for History

Luíochán Loch gCál (1987)
Tharla luíochán Loch gCál, Contae Ard Mhacha, ar 8 Bealtaine 1987, inar mharaigh SAS na Breataine ochtar ball den IRA, chomh maith le sibhialtach amháin a thiomáin isteach san eachtra ar a bhealach óna chuid oibre, i gcomhluadar duine eile a gortaíodh go dona
Éirí Amach na Cásca
Ceannairc i gcoinne fhorlámhas na Breataine ar Éirinn ab ea Éirí Amach na Cásca ar Luan Cásca, 24 Aibreán 1916. Ghlac na hÓglaigh agus an tArm Cathartha seilbh ar fhoirgnimh thábhachtacha i lár Bhaile Átha Cliath, agus Ardoifig an Phoist i Sráid Uí Chonaill mar cheanncheathrú acu. Ós rud é gur fhoilsigh ceannaire na nÓglach, Eoin Mac Néill, fógráin ar na nuachtáin an tseachtain roimh an gCáisc, agus é ag fógairt "go raibh paráidí na nÓglach ar an gCáisc" curtha ar ceal, níor
An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)
Fuair an tAcht um Rialtas na hÉireann (1920) aontú an rí ar 23 Nollaig 1920 agus chuir rialtas na Breataine an tAcht i bhfeidhm ar 3 Bealtaine 1921. Bhí an tAcht bunaithe ar an Tríú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann (1914). Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar Éirinn, tar éis an Chéad Chogadh Domhanda
Céadchuairt Chríostóir Colambas go Meiriceá
Ar 5 Nollaig, 1492, tháinig Críostóir Colum go Meiriceá i seirbhís Rí na Spáinne. Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Meiriceá, cé go ndeirtear freisin gur tháinig Gaeil, mar shampla Naomh Breandán, agus Lochlannaigh, ann roimhe ón Eoraip. Ar oileán Easpáinneoil a tháinig sé i dtír ar a chéad turas
Rásaí Chaisleáin an Bharraigh
Ruaig ar fhórsaí Sasanacha i gCáisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo, i mbun Éirí Amach 1798 in Éirinn a bhí i Rásaí Chaisleán an Bharraigh, ar an 27 Lúnasa 1798
Achtanna an Aontais 1800
Achtanna comhthreomhara de chuid Pharlaimint na Breataine Móire agus Pharlaimint na hÉireann ab ea Achtanna an Aontais 1800 (dá ngairtear in amanna An tAcht Aontais 1801 a d’aontaigh Ríocht na Breataine Móire agus Ríocht na hÉireann le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann a chruthú. Tháinig na hachtanna i bhfeidhm an 1 Eanáir 1801, agus bhí a chéad chruinniú ag an pharlaimint chumaiscthe 'Parlaimint na Ríochta Aontaithe', ar an Déardaoin 22 Eanáir 1801
Connachta
Rítheaghlaigh in iarthair na hÉireann meánaoise ba ea Na Connachta. Mhaígh siad gurbh é Conn Cétchathach, Ardrí seanscéalach, a sinsear. Tá Cúige Connacht an lae inniu ainmnithe astu. Ag amanna éagsúla ámh, bhí tailte acu fosta san Ulaid, Laighean agus Mumhain. Bhíodh an príomhionad acu ag Ráth Cruachan
Reifirméisean
Tugtar an Reifirméisean ar ghluaiseacht a thosaigh sa 16ú haois le leas a chuir ar an Eaglais Chaitliceach, ach a d´fhág an Eoraip scoilte i dtaobh cleachtadh creidimh
Óglaigh Uladh
Eagraíocht mhíleata a bunaíodh sa bhliain 1912 chun cur i gcoinne an Rialtais Dúchais d'Éirinn is ea Óglaigh Uladh
Neamhspleáchas na Fionlainne
Ghlac parlaimint na Fionlainne le forógra an neamhspleáchais ar 6 Mí na Nollag 1917. Bhí sé de chuspóir ag an bparlaimint cúl a thabhairt le seanstádas na tíre mar Ard-Dhiúcacht fhéinstiúrtha Rúiseach