2020 Top Ten of Conflict for Health
- COVID-19
- Is galar riospráide an-tógálach é COVID-19, arb é coróinvíreas núíosach is cúis leis, a sainaithníodh den chéad uair i mí na Nollag 2019 i Wuhan, príomhchathair chúige Hubei na Síne. Scaip COVID-19 ar fud an domhain go tapa. D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) i Márta 2020 go raibh sé ina phaindéim
- Ginmhilleadh
- Is éard is ginmhilleadh ann ná deireadh a chur le toircheas trí suth nó féatas a bhaint nó a dhíbirt sula bhféadann sé maireachtáil taobh amuigh den útaras
- Brillín
- Is gnéasorgán baineannach é an brillín, atá i láthair i mamaigh, ostraisí agus líon teoranta ainmhithe eile. I ndaoine, tá an chuid infheicthe - an bhreall - ag acomhal tosaigh na labia minora, os cionn oscailt an úiréadra. Murab ionann agus an péineas, sé sin, an homalóg fireann atá coibhéiseach leis an mbrillín, de ghnáth ní bhíonn an chuid aimhneasaigh den úiréadra ann, agus mar sin ní úsáidtear é le haghaidh an mhúin. I bhformhór na speiceas, níl aon fheidhm atáirgthe ag
- Paindéim COVID-19
- Is paindéim leanúnach de ghalar coróinvíreas 2019 (COVID-19) é Paindéim COVID-19. Sainaithníodh den chéad uair í i mí na Nollag 2019 in Wuhan, príomhchathair chúige Hubei na Síne
- Scolóis
- Déanann an téarma scolóis cur síos ar chuar cliathánach de níos mó ná 10 gcéim a bhíonn i láthair sa dromlach. Tagann an téarma ón fhocal Ghréigis skoliosis, a chiallaíonn ‘lúbadh’. Tá an mhíchuma scolóis luaite sa taifead is luaithe atá ar fáil i stair an leighis. Le himeacht na mblianta, bhí réimse de chúiseanna éagsúla luaite le scolóis, bhí an taobh meicniúil ann a deir go mbaintear barraíocht úsáide as an lámh dheas agus dar leis an choincheap nua-aimseartha gur
- Síciatracht
- Is é atá sa síciatracht ná an chraobh den leigheas a bhaineann leis an meabhar agus le galar meabhar nó galar intinne
- Néareolaí
- Tugtar néareolaí ar dhochtúr leighis a chleachtann le h-othair a bhfuil galra néaracha orthu nach gnáthach galra intinne a thabhairt orthu, m.sh. titeamas, galar Parkinson nó stróc. Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas. De ghnáth, ní bhíonn mórán dá gcleachtadh ag baint le galar intinne go díreach, cé go mbíonn mórán cásanna ina mbíonn siomptaim de ghalar néarach chomh maith le galar intinne
- Néareolaíocht
- Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas a bhaineann le tubaistí agus galair a bhaineann leis na gcillín néarach (néaróg). Tugtar néareolaí ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar othair a bhfuil galra néaracha orthu, m.sh. titimeas, galar Parkinson nó stróc
- Cnáimhseachas
- Brainse den mhíochaine a bhaineann le toircheas is luí seoil is ea cnáimhseachas
- Comhairleoir leighis
- Tugtar comhairleoir leighis ar dhochtúir leighis ar shaineolaí é i ngné den leigheas. De ghnáth is i mbailte móra a chleachtann sé. Tá comhairleoirí leighis a dhéanann an-chuid múinteoireachta agus taighde, go háirithe sna cathracha