2019 Top Ten of Conflict for Technology

Marvel Comics
Is foilsitheoir greannán Meiriceánach é Marvel Comics. Cheannaigh Disney Marvel sa bhliain 2009
Vicipéid
Ciclipéid, ghréasán-bhunaithe, ilteangach, is ea an Vicipéid agus tá an méid a bhfuil inti ar fáil saor in aisce do phobal na cruinne. Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus tá duine ar bith in ann í a athrú ach teacht a bheith aige ar an Idirlíon. Is iomaí Vicipéid atá ann agus Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge ina measc
Foilsitheoireacht
Is éard is foilsitheoireacht ann ná eolas, litríocht nó ceol a chur ar fáil do phobal léitheoireachta éigin. Ar dtús, ghreantaí téacs i gcloich, ar steilí nó galláin, agus ar thaibléid chré. De réir a chéile, thosaigh daoine ag cur leabhar le chéile ag baint úsáid as pár, paipír, páipéar, agus fiú duilleoga pailme
Ríomhaire
Is é an rud atá sa ríomhaire ná meaisín leictreonach agus é ag láimhdeachas sonraí de réir threoracha réamhdhéanta uimhriúla agus loighciúla. Cuirtear na sonraí isteach, agus i ndiaidh a bpróiséala, baintear na torthaí amach ar shlí éigin
Cóir teasa
Comhpháirt mhiotalach a chur trí thimthriall téite is fuaraithe chun a struchtúr criostalta inmheánach a athrú agus airíonna inmhianaithe fisiciúla is meicniúla a fhorbairt inti. Tagann foirm is ráta na n-athruithe teochta go mór san áireamh. Mar shampla, nuair a mhúchtar cóimhiotal te go tapa, seans maith go gcoinneofar, cuid mhaith, an struchtúr criostalta nó an comhdhéanamh ceimiceach a bhí ann ag an teocht ard
Gluaisteán
Is cóir iompair í an gluaisteán, agus inneall dócháin inmheánaigh á tiomáint. Baintear úsáid as an ngluaisteáin le paisinéirí agus lastas a iompar, agus í an-áisiúil i gcomhair aistir fhada. Go tipiciúil, tugann an gluaisteán slí do chúigear daoine, ach tá gluaisteáin de chineálacha eile ann
An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta
Is údarás in Éirinn é an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, atá freagrach do na bóithre náisiúnta sa tír. Cruthaíodh an NRA mar chuid den Roads Act, 1993, ag tosnú oibre ó 1 Eanáir 1994
Dlúthdhiosca
Is é atá i ndlúthdhiosca (DD) ná diosca a stórálann fuaim nó eolas digiteach. Tá sé thart ar 12 cm / 4.5 orlach ar leithead, agus 1 mm ar tiús. Eitseáilítear poill micreascópacha ar an dlúthdhiosca le húsáid ga léasair. Tá cód digiteach sna poill seo a léiríonn an fhaisnéis atá stóráilte. Ansin, cuirtear cóta alúmanaim ar an taobh eitre. Nuair a léitear an diosca sa tíomántán, léann ga léasair eile an cód agus déantar comharthaí leictreacha leo don ríomhaire. Déanann
Idirlíon
Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon, nó an tIdirghréasán, a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí
Stair iarnróid na hÉireann
Tháinig na hiarnróid go luath go hÉireann, de bharr tionchar na Breataine in Éireann ag an am. Sin an tír inar thosaigh an chéad iarnród ar domhan i 1825. Níos lú ná deich mbliana ina dhiaidh sin, d'oscail an chéad iarnród in Éirinn i 1834. I 1920 bhí na hiarnróid go forleathan in Éireann, le 5,470 km de bhealaí ar an oileán. Tá níos lú ná leath den mhéad sin ann inniu, le easpa mór iarnróid in aice na teorann idir an Tuaisceart agus an Phoblacht