2019 Top Ten of Conflict for Society
- Conradh na Gaeilge
- Eagraíocht is ea Conradh na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1893 chun an Ghaeilge a chur chun cinn
- Marvel Comics
- Is foilsitheoir greannán Meiriceánach é Marvel Comics. Cheannaigh Disney Marvel sa bhliain 2009
- An Triail (Máiréad Ní Ghráda)
- Dráma le Máiréad Ní Ghráda is ea An Triail, atá ar churaclam na hArdteistiméireachta.. Léiríodh an dráma den chéad uair ar 22 Meán Fómhair 1964 ar stáitse An Damer agus Caitlín Maude sa phríomhpháirt
- An Gorta Mór
- Is é an Drochshaol nó Gorta Mór na hÉireann an gorta a bhuail Éire ón mbliain 1845 ar aghaidh agus a mharaigh is a ruaig as an tír cúpla milliún Éireannach. Tháinig galar dubh – an fungas úd Phytophora infestans – ar na prátaí ar fud na hÉireann, agus bhí formhór na ndaoine bochta i dtuilleamaí an phráta mar bhia, fuair na sluaite acu bás. An t-éag mór seo agus an imirce millteanach a lean é, scrios siad na struchtúir shóisialta a bhí ina gcrann taca don Ghaeilge go dtí sin
- Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh
- Is eagraíocht mhíleata idirnáisiúnta a bhfuil 32 ballstát inti, 29 san Eoraip agus dhá cheann i Meiriceá Thuaidh, í Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, nó ECAT. Bunaíodh i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda an eagraíocht seo a chuir Conradh an Atlantaigh Thuaidh i bhfeidhm, a síníodh in Washington D.C. ar an 4ú Aibreán 1949. Is córas comhslándála í ECAT: beartaíonn a ballstáit neamhspleácha an fód a sheasamh in aghaidh aon ionradh ón iasacht. I rith an Chogaidh Fhuair, ba
- An tAontas Eorpach
- Is eagraíocht idirnáisiúnta, pholaitiúil agus eacnamaíochta é an tAontas Eorpach (AE). Tá seacht dtír is fiche ann agus iad ar fad lonnaithe i mór-roinn na hEorpa. Tá daonra de thuairim is 447 milliún aige
- Euro
- Is é an euro an t-airgeadra i gcás mórchuid de mhuintir na hEorpa
- Daonlathas
- Ciallaíonn an focal Daonlathas as Gréigis "riail an phobail". Is córas rialaithe a thagann chugainn ó na cathairstáit sa tSean-Ghréig
- Na Péindlíthe
- Ón 17ú haois go deireadh an 18ú haois a bhí na Péindlíthe, a rinne leatrom ar Ghaeil agus ar Chaitlicigh go háirithe, i bhfeidhm. Rinneadh géarleanúint ar na hEasaontóirí Protastúnacha chomh maith
- An Béarla
- Is teanga Ghearmáinice é an Béarla nó an Sacs-Bhéarla atá bunaithe ar na canúintí a bhí ag na hAngail agus ag na Sacsanaigh, treibheanna de bhunadh Teotanach a tháinig i dtír sa Bhreatain ag deireadh ré na Rómhánach. Bhí tionchar mór, freisin, ag an Laidin ar an teanga, maille le teangacha eile níos déanaí, mar shampla, an Fhraincis, an Ghréigis agus teangacha éagsúla an domhain, go háirithe iad siúd a bhí á labhairt go forleathan in Impireacht na Breataine