2019 Top Ten of Conflict for Nature
- Móilín
- Is éard is móilín ann ná an cáithnín is lú a fhaightear go nádúrtha d'aon
dúil nó comhdhúil. I gcás cuid de na dúile, is é an t-adamh féin
an móilín, mar shampla héiliam (He) is neon (Ne). I gcásanna eile,
tá dhá adamh sa mhóilín, mar shamplaí hidrigin (H), nítrigin (N)
is ocsaigin (O). Cuirtear an t-eolas seo in iúl tríd an iarfhoscript
2 a scríobh leis an tsiombail, mar seo: H2, N2, O2. Ina lán ábhar
eile ar comhdhúile iad, bíonn níos mó ná adaimh dúile amháin
- Ocsaigin
- Is dúil cheimiceach neamh-mhiotalach í an ocsaigin a bhíonn le fáil go flúirseach san atmaisféar. Faoi na gnáth-imthoscaí, bíonn adaimh na hocsaigine ceangailte dá chéile ina móilíní dé-adamhacha. Is í an tsiombail cheimiceach atá aici ná O. Is é a hocht (8) an uimhir adamhach atá aici, agus is é an meáchan adamhach atá aici ná 15.999
- Fisic
- Is éard is fisic ann ná eolaíocht nádúrtha a bhfuil mar chuspóir aici imscrúdú a dhéanamh ar dhamhna agus gluaisne an damhna trí spás agus am, mar aon le coincheapa atá bainteach leis amhail fuinneamh agus fórsa. Ag caint go forleathan, anailís an nádúir atá inti, chun teacht ar thuiscint ar iompar na cruinne
- Bitheolaíocht
- Is í an bhitheolaíocht an brainse eolaíochta a dhéanann staidéar ar rudaí beo, ar nós na n-ainmhithe agus na bplandaí, lena n-áirítear struchtúr, feidhm, fás, éabhlóid, dáileadh, agus tacsanomaíocht
- Duais Nobel
- Sraith duaiseanna is ea iad Duaiseanna Nobel a bhunaigh cruthaitheoir na dinimíte, Alfred Nobel. Faigheann gach duaiseoir bonn óir. Tugtar airgead mar chuid den duais do dhaoine a chuir an taighde nó an tsochaí chun cinn ar bhealach ar leith
- Réalteolaíocht
- Is éard atá i gceist leis an réalteolaíocht ná taighde ar na reanna neimhe, cosúil leis na réaltaí, na pláinéid, na cóiméid, agus na réaltraí, chomh maith leis na feiniméin go léir taobh amuigh d'atmaisféar an domhain, cosúil leis an radaíocht chosmach. Baineann an réalteolaíocht leis an éabhlóid, leis an bhfisic, leis an gceimic, leis an meitéareolaíocht agus le gluaisne na reann neimhe, chomh maith le forbairt agus le fabhrú na cruinne
- 3 Eanáir
- Is é an 3 Eanáir an tríú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 362 lá fágtha sa bhliain nó 363 i mbliain bhisigh
- 31 Nollaig
- Is é an 31 Nollaig an 365ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 366ú lá i mbliain bhisigh. Seo an lá deireanach den bhliain. Tugtar lá cinn bliana ar an lá seo
- Eolaíocht
- Is éard atá in eolaíocht ná cuardach nó staidéar i gcóir eolais infhíoraithe trí bhreathnadóireacht agus turgnamhacht. Ar dhóigh caol tagraíonn eolaíocht do chóras bailithe eolais a bhuntar ar eimpíreachas, tástáil agus nádúrachas rianúil, modhúil agus chomh maith le sin don choiste eolais eagraithe a bhfuil bailithe leis an cine daonna de thoradh a leithid sin taighde
- Fisic mhatamaiticiúil
- 'Séard atá i gceist leis an eolaíocht mhatamaiticiúil ná teicnící na matamaitice a úsáid chun fadhbanna eolaíochta a réiteach. Go dtí seo, is san fhisic ach go háirithe go raibh sé seo úsáideach, ach le déanaí, baintear leas as an matamaitic chun mionsamhail a chur le chéile sa bhitheolaíocht, sa cheimic agus fiú i gcúrsaí airgeadais