2019 Top Ten of Conflict for History

Impireacht na Róimhe
Is gnách Impireacht na Róimhe a thabhairt ar thréimhse an rialtais uathlathaigh i stair na sibhialtachta sean-Rómhánaí. Tháinig ré na hImpireachta i ndiaidh na Poblachta Rómhánaí, a mhair an leathmhílaois ón mbliain 510 r. Chr. go dtí an aois dheireanach r. Chr. Ba é ba chúis le deireadh na Poblachta ná an lagú a tháinig ar fhorais agus ar thraidisiúin na Poblachta de dheasca na coimhlinte idir Gaius Marius agus Lucius Cornelius Sulla, agus, ina dhiaidh sin, de dheasca an chogaidh
Ionsaí scine Pháras na bliana 2018
In ionsaí scine Pháras na bliana 2018, scaoil na póilíní fear scine tar éis duine amháin a mharú agus roinnt daoine eile a ghortú ar an 12 Bealtaine 2018 i bPáras, an Fhrainc
D Day
Tugtar D-Day ar an 6 Meitheamh 1944, nuair a chuaigh fórsa ollmhór de chuid na gComhghuaillithe i dtír sa Normainn, ar chósta na Fraince le linn an Dara Cogadh Domhanda.Glaotar D-Day, nó Jour J, nó Lá L nó Oibríocht Neiptiúin, ar ionradh agus teacht i dtír na gComhghuaillithe ar na Naitsithe. Seasann an 'D' i 'D-Day' don fhocail 'Day', mar sin cialaíonn sé Lá-L. An téarma Gaeilge a mholann Tearma.ie ná an Dul i dTír sa Normainn.Oibríocht Overlord a tugadh ar an bhfeachtas iomlán i mí
Balla Bheirlín
D’fhág Balla Bheirlín Beirlín scoilte ina dhá leath as 1961 go dtí 1989/1900. Ba shiombail chumhachtach é an ‘Cuirtín Coincréiteach’ seo ar na difríochtaí idé-eolaíocha, sóisialta agus eacnamaíochta a bhí le sonrú idir iarthar agus oirthear na hEorpa
Comhairle Trento
Is éard a bhí i gceist le Comhairle Trento ná Comhairle Éacúiméineach na hEaglaise Chaitliceach Rómhánach sa 16ú céad
Neamhspleáchas na Fionlainne
Ghlac parlaimint na Fionlainne le forógra an neamhspleáchais ar 6 Mí na Nollag 1917. Bhí sé de chuspóir ag an bparlaimint cúl a thabhairt le seanstádas na tíre mar Ard-Dhiúcacht fhéinstiúrtha Rúiseach
Reifirméisean
Tugtar an Reifirméisean ar ghluaiseacht a thosaigh sa 16ú haois le leas a chuir ar an Eaglais Chaitliceach, ach a d´fhág an Eoraip scoilte i dtaobh cleachtadh creidimh
An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)
Fuair an tAcht um Rialtas na hÉireann (1920) aontú an rí ar 23 Nollaig 1920 agus chuir rialtas na Breataine an tAcht i bhfeidhm ar 3 Bealtaine 1921. Bhí an tAcht bunaithe ar an Tríú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann (1914). Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar Éirinn, tar éis an Chéad Chogadh Domhanda
Éirí Amach na Cásca
Ceannairc i gcoinne fhorlámhas na Breataine ar Éirinn ab ea Éirí Amach na Cásca ar Luan Cásca, 24 Aibreán 1916. Ghlac na hÓglaigh agus an tArm Cathartha seilbh ar fhoirgnimh thábhachtacha i lár Bhaile Átha Cliath, agus Ardoifig an Phoist i Sráid Uí Chonaill mar cheanncheathrú acu. Ós rud é gur fhoilsigh ceannaire na nÓglach, Eoin Mac Néill, fógráin ar na nuachtáin an tseachtain roimh an gCáisc, agus é ag fógairt "go raibh paráidí na nÓglach ar an gCáisc" curtha ar ceal, níor
Óglaigh Uladh
Eagraíocht mhíleata a bunaíodh sa bhliain 1912 chun cur i gcoinne an Rialtais Dúchais d'Éirinn is ea Óglaigh Uladh