2018 Top Ten of Polemic for History
- Chlodovechus I
- B'é Chlodovechus I ) an chéad Rí na bhFranc agus is é a d'aontaigh na treibheanna Francacha go léir le chéile faoi cheannaire amháin. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athar Childeric I, sa bhliain 481 mar Rí na bhFranc Saileach, ceann de na treibheanna a mhair ar ghabháltas taobh thiar den Réine Íochtaraí
- Na Ceiltigh
- Ba ghrúpa treibheanna iad na Ceiltigh a bhí i gceannas ar chuid mhór den Eoraip roimh theacht chun cinn na Róimhe. Sa tríú haois roimh Chríost ba iad na Ceiltigh a bhí i gceannas, ó Éirinn is ón mBreatain sa tuaisceart, sa Fhrainc is sa Spáinn ó dheas agus chomh fada soir agus na Balcáin is an Tuirc. Níor dream amháin a bhí iontu, áfach, ach grúpaí lena ríthe féin, cé go raibh an teanga is an cultúr céanna acu uile
- Ó Néill
- Ó Néill an teideal a thugtaí ar thaoiseach oidhreachtúil Thír Eoghain ón 13ú anuas go deireadh an 16ú haois. Fear de shloinne Uí Néill a bhíodh sa taoiseach, agus treabhchas de chuid Chineál Eoghain a bhí sna Niallaigh. Mhaígh an t-aos dána gur de shliocht ríthe agus ardríthe iad na Niallaigh chomh fada siar le teacht na nGael go hÉirinn. Roghnaítí an taoiseach as an dearbhfhine - gach fear de shliocht sheanathair an tseantaoisigh
- Impireacht na Róimhe
- Is gnách Impireacht na Róimhe a thabhairt ar thréimhse an rialtais uathlathaigh i stair na sibhialtachta sean-Rómhánaí. Tháinig ré na hImpireachta i ndiaidh na Poblachta Rómhánaí, a mhair an leathmhílaois ón mbliain 510 r. Chr. go dtí an aois dheireanach r. Chr. Ba é ba chúis le deireadh na Poblachta ná an lagú a tháinig ar fhorais agus ar thraidisiúin na Poblachta de dheasca na coimhlinte idir Gaius Marius agus Lucius Cornelius Sulla, agus, ina dhiaidh sin, de dheasca an chogaidh
- Connachta
- Rítheaghlaigh in iarthair na hÉireann meánaoise ba ea Na Connachta. Mhaígh siad gurbh é Conn Cétchathach, Ardrí seanscéalach, a sinsear. Tá Cúige Connacht an lae inniu ainmnithe astu. Ag amanna éagsúla ámh, bhí tailte acu fosta san Ulaid, Laighean agus Mumhain. Bhíodh an príomhionad acu ag Ráth Cruachan
- Neamhspleáchas na Fionlainne
- Ghlac parlaimint na Fionlainne le forógra an neamhspleáchais ar 6 Mí na Nollag 1917. Bhí sé de chuspóir ag an bparlaimint cúl a thabhairt le seanstádas na tíre mar Ard-Dhiúcacht fhéinstiúrtha Rúiseach
- Reifirméisean
- Tugtar an Reifirméisean ar ghluaiseacht a thosaigh sa 16ú haois le leas a chuir ar an Eaglais Chaitliceach, ach a d´fhág an Eoraip scoilte i dtaobh cleachtadh creidimh
- An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)
- Fuair an tAcht um Rialtas na hÉireann (1920) aontú an rí ar 23 Nollaig 1920 agus chuir rialtas na Breataine an tAcht i bhfeidhm ar 3 Bealtaine 1921. Bhí an tAcht bunaithe ar an Tríú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann (1914). Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar Éirinn, tar éis an Chéad Chogadh Domhanda
- Éirí Amach na Cásca
- Ceannairc i gcoinne fhorlámhas na Breataine ar Éirinn ab ea Éirí Amach na Cásca ar Luan Cásca, 24 Aibreán 1916. Ghlac na hÓglaigh agus an tArm Cathartha seilbh ar fhoirgnimh thábhachtacha i lár Bhaile Átha Cliath, agus Ardoifig an Phoist i Sráid Uí Chonaill mar cheanncheathrú acu. Ós rud é gur fhoilsigh ceannaire na nÓglach, Eoin Mac Néill, fógráin ar na nuachtáin an tseachtain roimh an gCáisc, agus é ag fógairt "go raibh paráidí na nÓglach ar an gCáisc" curtha ar ceal, níor
- Óglaigh Uladh
- Eagraíocht mhíleata a bunaíodh sa bhliain 1912 chun cur i gcoinne an Rialtais Dúchais d'Éirinn is ea Óglaigh Uladh