2017 Top Ten of Conflict for Culture

Leipreachán
Gréasaí sí is ea an leipreachán. Is iomaí leagan malartach de ‘leipreachán’ a thugtar i bhFoclóir Uí Dhomhnaill: ‘lucharachán,lucharbán, luchargán, lucharpán, luchramán, luipreachán’ agus araile. Ach ‘leipreachán’ amháin atá i bhFoclóir Uí Mhianáin, agus sin atá in úsáid go coitianta anois
Cúpla (daoine)
Beirt sleachta a shaolaítear sa bhreith chéanna. Tagann cúpla bráthartha (déshíogótach) ó dhá ubhán scoite a thoirchítear le chéile. Tagann cúpla comhionann (monaisíogótach) ó ubhán toirchithe amháin, agus mar sin bíonn na leathchúplaí comhionann go géiniteach
Ice Age: The Meltdown
Scannán de chuid Blue Sky Studios is ea Ice Age: The Meltdown a seoladh sa bhliain 2006. Leanann sé ar aghaidh le scéal Ice Age. Ghlac Ray Romano, John Leguizamo, Denis Leary, agus Queen Latifah páirt ann. Ba é Carlos Saldanha an stiúrthóir
Cluichí Oilimpeacha
Is eachtra spóirt idirnáisiúnta iad na Cluichí Oilimpeacha a bhíonn ar siúl gach ceithre bliana. Imrítear go leor spórt éagsúla sna cluichí, agus tá cluichí ar leith ann do spóirt an tSamhraidh agus spóirt an Gheimhridh. Bunaíodh na Cluichí Oilimpeacha in Oilimpia na Sean-Ghréige, agus athbhunaíodh iad arís sa Fhrainc ag deireadh an 19ú haois
Tiarna na bhFáinní
Úrscéal eipiciúil fantaisíochta is ea Tiarna na bhFáinní leis an Ollamh le Léann na Meánaoiseanna J. R. R. Tolkien. I dtús báire, ní raibh ann ach scéal leantach don Hobad, a chum sé do na páistí roimhe sin, ach sa deireadh thiar, b'é Tiarna na bhFáinní a thabhaigh an cháil dhomhanda dó. Scríobh sé an t-úrscéal de réir a chéile idir na blianta 1937 agus 1949, cuid mhaith de i mblianta an Dara Cogadh Domhanda. Nuair a tháinig an t-úrscéal i gcló, foilsíodh ina thrí imleabhar
Dubh
Is é dubh an dath atá ar rudaí nach fhrithchaitheann solas in aon áit sa speictream infheicthe. Ionsúnn rudaí den dath seo gach tonnfhad den tsolas. Mar thoradh, deirtear uaireanta nach dath ceart é, ach glactar leis mar dhath de ghnáth i gcaint na ndaoine
Club Peile Bhaile Átha Luain
Is club peile é Club Peile Bhaile Átha Luain ó Bhaile Átha Luain. Is é Roddy Collins bainisteoir an chlub, a bunaíodh sa bhliain 1887. Imríonn an fhoireann i Sraith na hÉireann. Bhuaigh an club an comórtas 'Céad Roinn Sraith na hÉirean' sa bhliain 2013, nuair a fuair siad an lámh in uachtar in aghaidh Phort Láirge Aontaithe ar an 27 Meán Fómhair
Ice Age: Dawn of the Dinosaurs
Scannán de chuid Blue Sky Studios is ea Ice Age: Dawn of the Dinosaurs a seoladh sa bhliain 2009. Leanann sé ar aghaidh le scéal Ice Age agus Ice Age: The Meltdown. Ghlac Ray Romano, John Leguizamo, Denis Leary, agus Queen Latifah páirt ann. B'iad Carlos Saldanha stiúrthóirí na scannán
Pornagrafaíocht
Is éard is pornagrafaíocht ann ná cur síos lom díreach ar an gcomhriachtain nó ar ghníomhartha collaí de chineál éigin eile, nach bhfuil de chuspóir leis ach éirí craicinn a chur ar lucht a fhéachana. Bhí pornagrafaíocht de chineál éigin ann ó thús na staire, ach le déanaí, tá an phornagrafaíocht iompaithe ina tionsclaíocht mhór mhillteanach, de réir mar a d'éirigh na daoine níos caoinfhulangaí i leith na collaíochta poiblí. Bhí an-bhaint ag an bhforbairt seo le teacht na
Píotsa
Arán cothrom réidh is ea an píotsa a gcuirtear táthchoda éagsúla sa mhullach air, cosúil le glasraí, feoil, iasc nó beacáin, in éineacht le trátaí, cáis agus spíosraí éagsúla. Tháinig an píotsa ón Iodáil, agus dealraíonn sé go n-itheadh na sean-Rómhánaigh féin arán a bhí cosúil leis an bpíotsa. Is léir nach raibh trátaí ar fáil san am sin, toisc gurb as an Oileán Úr a tháinig an tráta