2016 Top Ten of Polemic for Society
- Antraipeolaíocht
- Is éard atá san antraipeolaíocht staidéar a dhéanamh ar dhaoine, ar a mbunús, ar a gcuid foras, ar a dtréithe fisiciúla, ar a nósanna reiligiúnda agus sóisialta agus mar sin de. Is fada nós ag antraipeolaithe ón Iarthar taighde a dhéanamh ar phobail iargúlta san Afraic, san Astráil, san Aigéan Ciúin agus in áiteanna nach iad, ach tuigtear anois gur féidir a leithéid de staidéar a dhéanamh ar an gcine daonna in áit ar bith. Ón nGréigis a thagann an bunfhocal anthropos, focal a
- Cumann na mBan
- Eagraíocht Phoblachtánach Éireannach do mhná ab ea Cumann na mBan a bunaíodh i mí Aibreáin 1914 le cúnamh agus tacaíocht Óglaigh na hÉireann. In Éirinn amháin a tháinig airm na mban ar an bhfód. Dúcheist staire a bhí ann; níor tharla a leithéid i dtíortha eile san Eoraip ag an am, le linn réabhlóidí Cé gur eagraíocht neamhspleách a bhí ann, bhí a Choiste Feidhmiúcháin faoi réir Choiste na nÓglach
- Úcránaigh
- Is grúpa eitneach Eorpach iad na Úcránaigh. Is í an Úcráinis a bpríomhtheanga
- Ciste Domhanda Fiadhúlra
- Eagraíocht dheonach idirnáisiúnta a bunaíodh i 1961 é an Ciste Domhanda Fiadhúlra, a phríomhoifig san Eilvéis. Tá mar aidhm aige eolas a scaipeadh chun ainmhithe fiáine, plandaí is áiteanna atá i mbaol a chaomhnú, agus úsáid níos éifeachtaí inmharthanaí a bhaint as acmhainní nádúrtha an Domhain. Is é Ciste Fiadhúlra an Domhain (CFD) an t-eagras caomhnaithe dúlra is mó ar domhan agus tá ioncam de $200 milliún in aghaidh na bliana
- Eagla
- Mothúchán thar a bheith míthaitneamhach í an eagla mar fhreagra ar chontúirt nó ar bhagairt. Is cúis le hathruithe fiseolaíochta í an eagla a d'fhéadfadh iompar áirithe a spreagadh, mar shampla frithghníomh ionsaitheach, nó éalú ón mbagairt
- Conradh Angla-Éireannach
- Sa bhliain 1921, tar éis Chogadh na Saoirse, shínigh ionadaithe na Chéad Dála agus rialtas na Breataine an conradh síochána ar a dtugtar an Conradh Angla-Éireannach. Bunaíodh Saorstát Éireann, a bheadh ina Tiarnas agus thug sé rogha don pharlaimint Tuaisceart Éireann a bheith mar pháirt don Saorstáit nua nó le fanacht laistigh den Ríocht Aontaithe. Bhí Éire le fanacht laistigh de Chomhlathas na Breataine, agus bhí ceithre chalafort le fanacht in úsáid na Breataine
- Creideamh in Éirinn
- In Éirinn, is é an príomhchóras creidimh ná an Chríostaíocht. D'fhás an Chríostaíocht ó aimsir Naoimh Phádraig, go dtí gur bheagán de shean chreideamh na nGael a sheas i ndiaidh na meán aoiseanna
- Wall Street
- Is sráid chúng i Manhattan íochtarach, i gcathair Nua-Eabhrac, í Wall Street. Tá an tionscail airgeadais agus infheistíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá lonnaithe ar Wall Street agus sna sráideanna mórthimpeall
- Síceolaíocht
- Is éard atá i gceist leis an tsíceolaíocht ná an brainse sin den eolaíocht a bhaineann le aireachtáil, smaoineamh, mothúcháin, agus iompar, agus mar a éiríonn siad as próisis orgánacha agus in imoibriú leis an timpeallacht nádúrtha agus shóisialta
- Gramadach na Gaeilge
- Tá an léargas thíos bunaithe ar Ghramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil agus leabhair eile