2016 Top Ten of Polemic for People
- Adolf Hitler
- Bhí Adolf Hitler ina cheannaire ar an nGearmáin ón mbliain 1933 go dtína bhás sa bhliain 1945. Ba eisean a thosaigh ar an gcogadh ar an bPolainn, rud a chuir tús leis an Dara Cogadh Domhanda, arbh é a thoradh é gur tháinig deireadh lena réimeas féin. Ar dtús, d'éirigh leis post an tSeansailéara, is é sin, an phríomhaireacht, a bhaint amach, agus ansin, chuir sé Acht na gCumhachtaí i bhfeidhm, a chuir ar a chumas an tír a rialú beag beann ar an bparlaimint. Nuair a bhí sé i gceannas ar
- Jeanne d'Arc
- Gaiscíoch den chúigiú haois déag ba ea Jeanne d’Arc . Banlaoch náisiúnta de chuid na Fraince ba ea í agus tugadh "Ainnir Orléans" uirthi chomh maith. Cailín tuathánach ba ea í a rugadh in Oirthear na Fraince
- Mícheál Cíosóg
- Múinteoir agus gníomhaí ab ea Micheál Cíosóg, Mícheál Ó Cíosóig nó Michael Cusack as Béarla. Bhunaigh sé iCumann Lúthchleas Gael, an eagraíocht atá freagrach as na cluichí Gaelacha in Éirinn
- Leonardo da Vinci
- Ileolaí Iodálach ab ea Leonardo da Vinci, a bhí ina eolaí, matamaiticeoir, innealtóir, cumadóir, eolaí anatamaíochta, péintéir, dealbhóir, ailtire, luibheolaí, ceoltóir agus scríbhneoir. Is beag duine i stair an domhain a bhí chomh cumasach leis. Ba dhuine é a bhí ‘i bhfad roimh a am’ gan amhras
- Ryan Tubridy
- Is láithreoir teilifíse agus raidió Éireannach é Ryan Tubridy, a rugadh ar 28 Bealtaine sa bhliain 1973. Is as an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath dó
- Van Morrison
- Ceoltóir agus amhránaí é George Ivan (Van) Morrison, a rugadh i mBéal Feirste i dTuaisceart Éireann sa bhliain 1945
- Iognáid Loyola
- Ignatius de Loyola a bhunaigh Cumann Íosa sa bhliain 1534. Is naomh é Iognáid ó Loyola
- Steve Jobs
- Ba chomh-bhunaitheoir agus príomhoifigeach feidhmiúcháin Apple é Steven Paul Jobs. Ba cheann de na daoine ba thábhachtaí é i gcur chun cinn an ríomhaire phearsanta ó na 1970idí go dtí lá a bháis. Níl aon amhras ach gur duine eisceachtúil a bhí ann is gur thuig sé cumhacht agus féidearthachtaí na teicneolaíochta digití
- Pádraig Mac Piarais
- Oide, file, scríbhneoir, náisiúnaí agus gníomhaire polaitiúil Éireannach ab ea Pádraig Anraí Mac Piarais, An Piarsach, (as Béarla, Patrick Henry Pearse;, agus é ar dhuine de cheannairí Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. An teideal a bronnadh air ná Uachtarán an Rialtais Shealadaigh le linn an éirí amach, agus b'eisean a chur tús leis nuair a léigh sé Forógra na Poblachta agus iad ag glacadh seilbhe ar Ardoifig an Phoist. Gabhadh an Piarsach agus na fír eile nuair a theip ar an eirí
- Lionel Messi
- Is imreoir peile idirnáisiúnta Airgintíneach é Lionel Andrés Messi. Tá cáil ar Messi mar cheann de na himreoirí is fearr i stair an tsacair. Tá sé ghradam Ballon d’Or buaite aige chomh maith le deich Sraith na Spáinne agus ceithre Shraith na Seaimpíní