2016 Top Ten of Conflict for Technology

Téaduirlis
Is éard is téaduirlis ann ná gléas ceoil a ngintear an fhuaim trí chrith sreinge rite nó roinnt sreang rite, déanta as caolán, miotal nó níolón. Déantar na creathanna trí bhogha a oibriú thar na sreanga, nó na sreanga a bhualadh nó a phiocadh. Bíonn difríochtaí i lion na sreang is a dtiúnadh, ach de bharr gur deacair sreang amháin a oibriú le bogha gan teagmháil leis na sreanga cóngaracha, fiú agus droichead cuartha ar an ionstraim, de ghnáth ní bhíonn thar 6 shreang ar uirlisí
Eolaíocht fheidhmeach
Is iad na heolaíochtaí feidhmeacha ná na heolaíochtaí a cuirtear i bhfeidhm sa saol laethúil
Clóchuradóir léasair
Modh clóchurtha a úsáideann clódóirí tráchtálacha, cosúil le hoibriú an phrintéar léasair. Tarraingítear na graificí is na carachtair le léasar faoi rialú an ríomhaire ar scannán bróimíde. Úsáidtear an scannán seo chun an pláta liotagrafach a eitseáil, agus uaidh sin déantar na cáipéisí is gá a chlóbhualadh
Deich mbliana
Is ionann deichniúr nó deichbhliain agus deich mbliana
Ríomhaire
Is é an rud atá sa ríomhaire ná meaisín leictreonach agus é ag láimhdeachas sonraí de réir threoracha réamhdhéanta uimhriúla agus loighciúla. Cuirtear na sonraí isteach, agus i ndiaidh a bpróiséala, baintear na torthaí amach ar shlí éigin
Dlúthdhiosca
Is é atá i ndlúthdhiosca (DD) ná diosca a stórálann fuaim nó eolas digiteach. Tá sé thart ar 12 cm / 4.5 orlach ar leithead, agus 1 mm ar tiús. Eitseáilítear poill micreascópacha ar an dlúthdhiosca le húsáid ga léasair. Tá cód digiteach sna poill seo a léiríonn an fhaisnéis atá stóráilte. Ansin, cuirtear cóta alúmanaim ar an taobh eitre. Nuair a léitear an diosca sa tíomántán, léann ga léasair eile an cód agus déantar comharthaí leictreacha leo don ríomhaire. Déanann
Stair iarnróid na hÉireann
Tháinig na hiarnróid go luath go hÉireann, de bharr tionchar na Breataine in Éireann ag an am. Sin an tír inar thosaigh an chéad iarnród ar domhan i 1825. Níos lú ná deich mbliana ina dhiaidh sin, d'oscail an chéad iarnród in Éirinn i 1834. I 1920 bhí na hiarnróid go forleathan in Éireann, le 5,470 km de bhealaí ar an oileán. Tá níos lú ná leath den mhéad sin ann inniu, le easpa mór iarnróid in aice na teorann idir an Tuaisceart agus an Phoblacht
Idirlíon
Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon, nó an tIdirghréasán, a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí
Vicipéid
Ciclipéid, ghréasán-bhunaithe, ilteangach, is ea an Vicipéid agus tá an méid a bhfuil inti ar fáil saor in aisce do phobal na cruinne. Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus tá duine ar bith in ann í a athrú ach teacht a bheith aige ar an Idirlíon. Is iomaí Vicipéid atá ann agus Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge ina measc
An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta
Is údarás in Éirinn é an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, atá freagrach do na bóithre náisiúnta sa tír. Cruthaíodh an NRA mar chuid den Roads Act, 1993, ag tosnú oibre ó 1 Eanáir 1994