2016 Top Ten of Conflict for Health
- Diosfóine
- Neamhord urlabhra ina mbíonn tréith mhínormálta ag an nguth. Tugtar afóine uirthi nuair nach mbíonn aon ghuth ann. Is féidir go mbeidh airde, treise is tondath an ghutha chomh neamhéifeachtach sin go mbíonn an urlabhra dothuigthe, agus nuair a bhíonn sí intuigthe go mbíonn sí aisteach. Is féidir go mbeidh cúiseanna fisiciúla nó síceolaíocha léi
- Néareolaíocht
- Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas a bhaineann le tubaistí agus galair a bhaineann leis na gcillín néarach (néaróg). Tugtar néareolaí ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar othair a bhfuil galra néaracha orthu, m.sh. titimeas, galar Parkinson nó stróc
- Comhairleoir leighis
- Tugtar comhairleoir leighis ar dhochtúir leighis ar shaineolaí é i ngné den leigheas. De ghnáth is i mbailte móra a chleachtann sé. Tá comhairleoirí leighis a dhéanann an-chuid múinteoireachta agus taighde, go háirithe sna cathracha
- Néareolaí
- Tugtar néareolaí ar dhochtúr leighis a chleachtann le h-othair a bhfuil galra néaracha orthu nach gnáthach galra intinne a thabhairt orthu, m.sh. titeamas, galar Parkinson nó stróc. Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas. De ghnáth, ní bhíonn morán dá gcleachtadh ag baint le galar intinne go díreach, cé go mbíonn mórán cásanna ina mbíonn siomptaim de ghalar néarach chomh maith le galar intinne
- Dochtúir teaghlaigh
- Dochtúir teaghlaigh a thugtar de ghnáth i nGaeilge ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar gach sórt othar i measc an phobail. Déanann sé nó sí scrúdú ar an duine, agus ordaíonn sé leighis i bhfoirm piollaí nó i bhfoirm eile. Is é a bhíonn i gceist le gnáthdhochtúir
- Síciatracht
- Is é atá sa síciatracht ná an chraobh den leigheas a bhaineann leis an meabhar agus le galar meabhar nó galar intinne
- Altra
- Tugtar altra ar chleachtaitheoir a thugann aire do othair agur ar féidir leis nó léi scrúdú teoranta a dhéanamh
- Máinliacht
- Craobh den leigheas é an mháinliacht a bhaineann le galair a bhfuil leigheas orthu tré obráid, agus leis na modhanna a n-úsáidtear leis an leigheas sin a chur ar bun. Tugtar máinlia ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar a leithéid d'othair, agus a dhéanann na hobráid, go háirithe nuair is comhairleoir leighis é
- Liacht bhan
- Tugtar liacht bhan nó gínéiceolaíocht ar an gcraobh den leigheas a bhaineann le galair agus mífheidhmiú chórais giniúna ban. Lia ban a thugtar ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar mhná le béim ar a mbaill giniúna
- Cnáimhseachas
- Brainse den mhíochaine a bhaineann le toircheas is luí seoil is ea cnáimhseachas