2016 Top Ten of Conflict for Geography
- Köln
- Is cathair i dTuaisceart na Réine agus an Viostfáil í Köln. Is í an ceathrú cathair is mó sa Ghearmáin tar éis Beirlín, Hamburg agus München agus tá sí ar an gcathair is mó in Nordrhein-Westfalen
- Stáit Aontaithe Mheiriceá
- Poblacht bhunreachtúil chónaidhme ina bhfuil caoga stát agus ceantar cónaidhme amháin is ea Stáit Aontaithe Mheiriceá nó SAM, atá suite idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin. Is í an ceathrú tír is mó achar agus an tríú tír is mó daonra ar domhan. Tá caoga stát ar fad ann. Is é Alasca an ceann díobh is mó achar, agus California ar an gceann is líonmhaire daonra
- Tuaisceart Éireann
- Is ionann Tuaisceart Éireann agus limistéar na sé gcontae úd Aontroim, Ard Mhacha, Doire, An Dún, Tír Eoghain agus Fear Manach a dealaíodh ón gcuid eile d'Éirinn nuair a tháinig an Conradh Angla-Éireannach i bhfeidhm sa bhliain 1922
- Contae Laoise
- Tá Laois nó Contae Laoise i lárdheisceart na hÉireann, i gCúige Laighean. Is ann a bhí forlámhas ag clann Uí Mhórdha agus tá a ndún le feiceáil go fóill in aice leis an bpríomhbhaile, Port Laoise. D'fhág na Normannaigh a rian ar an áit chomh maith.
Contae beag é agus bhí sé ar cheann de na ceantair ba thúisce a ndearnadh plandáil air le linn aimsir na dTúdor in Éirinn. Ba í Mary Tudor, banríon Shasana agus bean chéile Rí Philip na Spáinne a rinne contae de i 1556 faoin ainm
- Uachtarán na Stát Aontaithe
- Is é Uachtarán na Stát Aontaithe an t-oifigeach polaitiúil agus feidhmeannach is airde i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is é Ceann Stáit agus ceannaire na bhfórsaí armtha, agus feidhmíonn sé mar cheannaire ar thrí chraobh an rialtais. Is iad an t-uachtarán agus foireann a oifige an Chumhacht Fheidhmitheach. Is í an Chomhdháil an Chumhacht Reachtaíochta, agus is í an Chumhacht Bhreithiúnach an córas dlí
- Baile Átha Cliath
- Is é Baile Átha Cliath príomhchathair na hÉireann agus é ar an gcathair is mó sa tír freisin. Tá sé suite in oirthear na tíre, cois Life agus ar imeall Mhuir Éireann. Tá breis is 1.6 milliún duine ina gcónaí i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus deirtear go dtiocfaidh borradh agus fás ar an daonra sa todhchaí
- Liosta tíortha
- Seo liosta tíortha ar fud an domhain
- Contae Chiarraí
- In iarthar Chúige Mumhan atá Ciarraí nó Contae Chiarraí. Tá dhá pháirc náisiúnta sa chontae. Tá Corrán Tuathail, an sliabh is mó in Éirinn, suite i gCiarraí. Bíonn an féile "The Rose of Tralee" ar siúl i Mí Lúnasa. Is iomaí féilte a bhíonn ar siúl ann i rith na bliana.
Is é an dTrá Lí an príomhbhaile sa chontae
- Londain
- Is í Londain príomhchathair Shasana agus na Ríochta Aontaithe
- An Aithin
- Is í an Aithin, nó an Ataen, príomhchathair na Gréige agus príomhbhaile réigiún na hAtaice. Baineann an ainm leis an mbandia Aitéiné, cosantóir na cathrach. Tá fréamhacha an daonlathais le fáil sa chathair seo ó Ré Órga na Sean-Ghréige