2016 Top Ten of Conflict for Culture
- The X Factor (sraith 13 an RA)
- Is comórtas amhránaíochta teilifíse cruthaithe ag Simon Cowell é The X Factor, a thosnaigh sna Ríocht Aontaithe sa bhliain 2004. Thosaigh an tríú sraith déag ar an 27 Lúnasa 2016 agus chríochnaigh sé ar an 11 Nollaig 2016
- Comhriachtain
- Is é is comhriachtain nó caidreamh collaí ann ná teagmháil chollaí idir neach baineann agus neach fireann a bhfuil coimpeart agus clannú mar chuspóir léi. Thairis sin, áfach, bíonn daoine, bonobónna (mionsiompánsaithe) agus deilfeanna ag cleachtadh comhriachtana fiú nuair nach bhfuil an baineannach faoi éastras, ar mhaithe leis an sult amháin
- Esperanto
- Teanga idirnáisiúnta is ea an teanga Esperanto
- The Simpsons
- Is é The Simpsons an tsraith bheoite Mheiriceánach is fadsaolaí riamh. Baineann sé le saol na Simpsons, teaghlach Meiriceánach a chónaíonn in Springfield, baile sna Stáit Aontaithe. Craoladh an chéad eipeasóid ar 17 Nollaig 1989 ar ghréasán Fox. Ó shin, tá breis agus 654 eipeasóid craolta. Tá an tsraith an-cáiliúil ar fud an domhain agus glacann a lán daoine cáiliúla páirt mar aoi-réaltaí
- Aibítir Ghréagach
- Is í an aibítir Ghréagach an aibítir ina scríobhtar an Ghréigis ón 9ú haois RC. Tá 24 litir sa bhun-aibítir
- Cluichí Oilimpeacha
- Is eachtra spóirt idirnáisiúnta iad na Cluichí Oilimpeacha a bhíonn ar siúl gach ceithre bliana. Imrítear go leor spórt éagsúla sna cluichí, agus tá cluichí ar leith ann do spóirt an tSamhraidh agus spóirt an Gheimhridh. Bunaíodh na Cluichí Oilimpeacha in Oilimpia na Sean-Ghréige, agus athbhunaíodh iad arís sa Fhrainc ag deireadh an 19ú haois
- Ficheall
- Is cluiche cláir í an fhicheall, agus í ceaptha do bheirt imreoir. Is í aidhm an chluiche ná rí an chéile imeartha a mharbhsháinniú. Tá an rí marbhsháinnithe, nuair atá sé faoi ionsaí agus gan deis éalaithe. Tháinig foirm reatha an chluiche chun cinn i nDeisceart na hEorpa sa dara leath den 15ú haois tar éis teacht chun cinn ó chluichí cosúla, i bhfad níos sine, de bhunadh Indiach agus Peirseach. Sa lá atá inniu ann, tá an fhicheall ar na cluichí is mó éilimh ar domhan, a
- Gareth Bale
- Is imreoir sacair é Gareth Bale. Imríonn sé faoi láthair le Real Madrid. D'imir sé le Southampton F.C. agus Tottenham Hotspur roimhe sin
- Sacar
- Cluiche peile nach bhfuil cead ach ag an gcúl báire an pheil féin a láimhseáil ann is ea sacar. Tá aon imreoir déag ar aon fhoireann amháin, agus duine acu, an cúl báire, ina sheasamh sa chúl. Is é an cúl báire an t-aon imreoir amháin a bhfuil cead aige lámh a chur ar an liathróid. Baineann an fhoireann a bhfuil an scór is airde aici
- Aifric
- Is sraith theilifíse do dhaoine óga í Aifric. Thosaigh an tsraith ag craoladh ar an 31ú lá de Dheireadh Fómhair 2006. Tá an phríomhpháirt ag Clíona Ní Chiosáin. Tá sé bunaithe ar saol chailín a bhogann lena teaghlach ó Bhaile Átha Cliath siar go dtí Conamara