2016 Top Ten of Conflict
- Donald Trump
- Ba é Donald J. Trump 45ú hUachtarán na Stát Aontaithe. Is fear gnó, infheisteoir agus pearsa teilifíse Meiriceánach é freisin
- Adolf Hitler
- Bhí Adolf Hitler ina cheannaire ar an nGearmáin ón mbliain 1933 go dtína bhás sa bhliain 1945. Ba eisean a thosaigh ar an gcogadh ar an bPolainn, rud a chuir tús leis an Dara Cogadh Domhanda, arbh é a thoradh é gur tháinig deireadh lena réimeas féin. Ar dtús, d'éirigh leis post an tSeansailéara, is é sin, an phríomhaireacht, a bhaint amach, agus ansin, chuir sé Acht na gCumhachtaí i bhfeidhm, a chuir ar a chumas an tír a rialú beag beann ar an bparlaimint. Nuair a bhí sé i gceannas ar
- Antraipeolaíocht
- Is éard atá san antraipeolaíocht staidéar a dhéanamh ar dhaoine, ar a mbunús, ar a gcuid foras, ar a dtréithe fisiciúla, ar a nósanna reiligiúnda agus sóisialta agus mar sin de. Is fada nós ag antraipeolaithe ón Iarthar taighde a dhéanamh ar phobail iargúlta san Afraic, san Astráil, san Aigéan Ciúin agus in áiteanna nach iad, ach tuigtear anois gur féidir a leithéid de staidéar a dhéanamh ar an gcine daonna in áit ar bith. Ón nGréigis a thagann an bunfhocal anthropos, focal a
- The X Factor (sraith 13 an RA)
- Is comórtas amhránaíochta teilifíse cruthaithe ag Simon Cowell é The X Factor, a thosnaigh sna Ríocht Aontaithe sa bhliain 2004. Thosaigh an tríú sraith déag ar an 27 Lúnasa 2016 agus chríochnaigh sé ar an 11 Nollaig 2016
- Köln
- Is cathair i dTuaisceart na Réine agus an Viostfáil í Köln. Is í an ceathrú cathair is mó sa Ghearmáin tar éis Beirlín, Hamburg agus München agus tá sí ar an gcathair is mó in Nordrhein-Westfalen
- Conor McGregor
-
Is trodaí proifisiúnta Éireannach UFC é Conor Anthony McGregor a rugadh ar 14 Iúil 1988 do thuismitheoirí Tony agus Margaret McGregor. Erin agus Aoife an t-ainm atá ag dá bheirt dá bheirt deirfiúracha
- Sacar
- Cineál spóirt é an sacar nó peil ina bhfuil dhá fhoireann imreoirí ag ciceáil na liathróide taobh istigh den pháirc imeartha le súil is go n-éireoidh leo í a radadh i gcúl na foirne eile. An fhoireann is mó a scórálfaidh cúil, is léi a bheidh an bua. Tá aon imreoir déag ar aon fhoireann amháin, agus duine acu, an cúl báire, ina sheasamh sa chúl le hé a chosaint ar imreoirí na foirne eile. Is é an cúl báire an t-aon imreoir amháin a bhfuil cead aige lámh a chur ar an
- The Simpsons
- Is é The Simpsons an tsraith bheoite Mheiriceánach is fadsaolaí riamh. Baineann sé le saol na Simpsons, teaghlach Meiriceánach a chónaíonn in Springfield, baile sna Stáit Aontaithe. Craoladh an chéad eipeasóid ar 17 Nollaig 1989 ar ghréasán Fox. Ó shin, tá breis agus 654 eipeasóid craolta. Tá an tsraith an-cáiliúil ar fud an domhain agus glacann a lán daoine cáiliúla páirt mar aoi-réaltaí
- Stáit Aontaithe Mheiriceá
- Poblacht bhunreachtúil chónaidhme ina bhfuil caoga stát agus ceantar cónaidhme amháin is ea Stáit Aontaithe Mheiriceá nó SAM, atá suite idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin. Is í an ceathrú tír is mó achar agus an tríú tír is mó daonra ar domhan. Tá caoga stát ar fad ann. Is é Alasca an ceann díobh is mó achar, agus California ar an gceann is líonmhaire daonra
- Tuaisceart Éireann
- Is ionann Tuaisceart Éireann agus limistéar na sé gcontae úd Aontroim, Ard Mhacha, Doire, An Dún, Tír Eoghain agus Fear Manach a dealaíodh ón gcuid eile d'Éirinn nuair a tháinig an Conradh Angla-Éireannach i bhfeidhm sa bhliain 1922