2015 Top Ten of Polemic for Technology

Ethernet
Is saghas Líonra achair logánta é Ethernet
HTML
Is í an Teanga Mharcála Hipirtéacs, nó HTML ceann de na teangacha marcála is bhunúsaigh san Idirlíon. Úsáidtear an teanga chun marcáil a dhéanamh ar cháipéisí agus is féidir le brabhsálaithe Ghréasáin an teanga seo a thuiscint is na cáipéisí a thaispeáint de réir an mharcála, le ceannlínte, cló Iodálacha, íomhánna, srl
Iarnród
Is é is iarnród ann ná ráillí iarainn a leagtar ar an talamh mar bhealach taistil do thraenacha. Tugtar Bóthar Iarainn ar an iarnród chomh maith
Láraonad próiseála
Is é an láraonad próiseála (LAP) an chuid d'aon ríomhaire a dhéanann gnó na "hinchinne" istigh ansin. Tugtar "próiseálaí" ar an láraonad próiseála freisin. Is é an láraonad próiseála a láimhsíonn na sonraí de réir na dtreorach atá leagtha amach sa ríomhchlár. Is minic a thagraítear d'ainm an phróiseálaí lena mhíniú cén cineál ríomhaire atá ann - cineál próiseálaí é "Pentium 4", mar shampla. Ar luas an phróiseálaí a thomhaistear éifeachtúlacht an láraonaid. Is é
Teanga ríomhchlárúcháin
Tugtar teanga ríomhchlárúcháin ar theanga shaorga ar bith a úsáidtear chun meaisín, ach go háirithe ríomhaire, a stiúradh. Cosúil le teangacha daonna, tá rialacha na comhréire is na séimeantaice ag baint le teangacha ríomhchlárúcháin
Córas méadrach
Is córas deachúlach é an córas méadrach, bunaithe ar an Mhéadar agus an Gram. Ghlac an Fhrainc leis an gcóras méadrach sa bhliain 1791 agus tá 3 thír nár ghlac leis fós: Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM), an Libéir agus Maenmar
Bogearraí saora
Is éard atá i gceist le bogearraí saora ná cód foinseach bogearraí a bheith ar fáil go réidh don úsáideoir agus é a bheith saor le hathruithe a dhéanamh don chód is a roinnt le daoine eile gan choinníollacha ceadúnais a shárú. Ní ceist airgid atá á plé leis an gcur síos seo, ní gá do na bogearraí bheith saor in aisce. Mar a deir Richard Stallman, bunaitheoir an Free Software Foundation, is é "saoirse cainte" atá i gceist, seachas "beoir saor in aisce
Soicind
Is aonaid ama é an soicind. Tá 60 soicind i nóiméad amháin, agus 3,600 soicind in uair amháin
Ródaire
Is gléas crua-earraí ríomhaireachta é ródaire a threoraíonn paicéid idir líonraí ríomhaireachta - focal eile ar an treorú seo ná ródú. Tá an-chuid ródairí éagsúla i bhfeidhm ar líonraí an domhain, cuid acu ag ródú an-chuid trácht ar líonraí móra teileachumarsáide, cuid acu ag ródú paiceád ó ríomhairí pearsanta ar líonraí pearsanta i dtithe amach ar an Idirlíon
Dlúthdhiosca
Is é atá i ndlúthdhiosca (DD) ná diosca a stórálann fuaim nó eolas digiteach. Tá sé thart ar 12 cm / 4.5 orlach ar leithead, agus 1 mm ar tiús. Eitseáilítear poill micreascópacha ar an dlúthdhiosca le húsáid ga léasair. Tá cód digiteach sna poill seo a léiríonn an fhaisnéis atá stóráilte. Ansin, cuirtear cóta alúmanaim ar an taobh eitre. Nuair a léitear an diosca sa tíomántán, léann ga léasair eile an cód agus déantar comharthaí leictreacha leo don ríomhaire. Déanann