2015 Top Ten of Polemic for Society
- Teangacha Afráiseacha
- Grúpa tábhachtach teangacha is ea na teangacha Afráiseacha nó na teangacha Seimíteach-Cheamaiteacha a labhraítear sa Mheán-Oirthear agus i dTuaisceart na hAfraice. Is iad na foghrúpaí tábhachtacha ná:na teangacha Seimíteacha, ar nós na hAraibise, na hEabhraise, na hAramaise, na hAmairise, na Tigrinise agus roinnt mhaith teangacha a labhraítí sa Mheán-Oirthear sa tseanársaíocht.na teangacha Cúisiteacha, cosúil leis an tSómáilis.na teangacha Seadacha, a labhraítear timpeall Loch Sead
- Punc-rac
- Seánra rac-cheoil is ea punc-rac, a tosaíodh sna 1970idí i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Sasana. Bannaí móra ag an am ab ea The Ramones, The Clash, Sex Pistols agus The Damned. Rac-cheol simplí, salach agus tapaidh is ea é, agus bíonn teachtaireachtaí feargacha agus agóideacha sna liricí go minic
- Síceolaíocht
- Is í an tsíceolaíocht ná an brainse sin den eolaíocht a bhaineann le aireachtáil, smaoineamh, mothúcháin, agus iompar, agus mar a éiríonn siad as próisis orgánacha agus in imoibriú leis an timpeallacht nádúrtha agus shóisialta
- Guthán
- Is gléas teileachumarsáide é an guthán, ón nGréigis τηλέ agus φωνή (guth), a úsáidtear chun fuaim a tharchur agus a ghlacadh, go hiondúil idir bheirt nó níos mó ag caint le chéile. Tá an guthán, nó an teileafón agus an fón mar a tugtar air chomh maith, i measc na ngléasanna tí is coitianta sa domhan nua-aimseartha. Mar aon le sin, is ceann dos na huirlisí gnó is tábhachtaí ar domhan é. Is beag gnólacht nach bhfuil guthán acu
- Olltáirgeacht intíre
- Is tomhas ar ghníomhaíocht eacnamaíochta í olltáirgeacht intíre (OTI). Léiríonn OTI luach na n-éarraí agus na seirbhísí ar fad a tháirgeann eacnamaíocht thar thréimhse sonraithe
- Codladh
- Staid neamhaireachtálach is ea codladh ina léiríonn duine mothálacht an-bheag don domhan seachtrach. Tá an néarchóras neamhghníomhach, na súile dúnta agus an comhfhios curtha ar fionraí
- Comhphobal Eorpach
- Ba é an Comhphobal Eorpach an chéad cheann de thrí ghallán an Aontais Eorpaigh (AE) sna blianta 1993-2009. Cruthaíodh na galláin seo mar thoradh ar Chonradh Maastricht (1992). Tógadh isteach an Comhphobal faoi Aontas na hEoraip sa bhliain 2009
- Icelandair
- Is í Icelandair an aerlíne is mó san Íoslainn, atá lonnaithe i Réicivíc, príomh-chathair na tíre. Tá an aerlíne suite san Aerfort Idirnáisiúnta Keflavík. Bunaíodh an aerlíne sa bhliain 1937
- Tubaiste Hillsborough
- Tubaiste a tharla i rith chluiche sacair i Hillsborough, Sheffield, Sasana ab ea Tubaiste Hillsborough. Bhí Liverpool F.C. ag imirt i gcoinne Nottingham Forest F.C. i gcluiche leathcheannais an Corn FA, ar 15 Aibreán 1989, in Hillsborough. D'éag sé dhuine is nócha nuair a tháinig an iomarca daoine isteach sa staid ag an am céanna. Chuir an réiteoir deireadh leis an gcluiche ag 3:06, nuair a thosaigh daoine gortaithe ag teacht amach ar an bpáirc
- Teanga (cumarsáid)
- Maraon le aon choincheap casta, is deacair teanga a shainmhíniú go beacht; d´aontódh formhór na saineolaithe, ámh, gur córas aithrise agus cur in iúl é, a bhaineann feidhm as samhlú, maraon le meafar, agus saghas éigin gramadaí loighciúil. Baineann a lán teangacha feidhm as comharthaí, fuaimeanna, siombail, nó focail, agus cur in iúl coincheapa, tuairimí, bríonna, agus smaointe mar chuspóir acu, cé go dtagann ceist an neamhchruinnis sa teangeolaíocht chun tosaigh nuair a dhéantar