2015 Top Ten of Polemic for Philosophy
- Comhfhios
- Is éard is comhfhios ann ná staid shíceolaíoch ina bhfuil duine feasach. Aithnítear cialla éagsúla a chuimsíonn an staid ina bhfuil duine ina dhúiseacht agus an staid ina bhfuil duine in ann cuimhneamh is cur síos ar a eachtraí meabhracha. Leag William James béim ar leanúnachas an chomhfheasa. Cuireann na síceolaithe cognaíocha béim ar an léargas gur féidir go mbeidh an comhfhios teoranta do leibhéil áirithe próiseála. Mar shampla, is féidir go mbeidh duine comhfhiosach ag leibhéal
- Eoiginic
- Iarmhairtí a fheabhsaíonn dúchas an chine dhaonna is ea eoiginic, go fisiciúil is go hintleachtach, trí steiriliú, oideachas, fachtóirí sóisialta is a leithéid
- Symposium (Platón)
- Is é an Symposium le Platón cur síos ar chomhrá a thit amach ag oíche ceiliúrtha agus ólachán eagraithe, sa Sean-Ghréig thart faoin mbliain 380 roimh Chríost. In éineacht le na comhráite Parmenides, Philebos agus Phaidros, tá sé ina chuid den tríú teitrean de shaothar Phlatón
- An Platónachas
- Mórscoil fhealsúnach de chuid na sean-Ghréige is ea an Platónachas, agus é bunaithe ar theagasc Phlatón, fealsamh a mhair san Aithin
- Fealsúnacht
- Is éard atá san fhealsúnacht ná iarracht ar dhul amach ar an saol agus brí a bhaint as trí réasúnaíocht agus trí dhíospóireacht. Ní hionann an tuiscint atá ag fealsúna ar an saol i ngach aois, ach is gnách leis na scoileanna fealsúnacha is déanaí feidhm a bhaint as a ndúirt na scoileanna a tháinig rompu, fiú más le fonn sáraíochta é
- Ointeolaíocht
- San fhealsúnacht, is ionann an ointeolaíocht agus -λογία: eolaíocht, staidéar, teoiric) agus an taighde a dhéantar ar an mbeith nó ar an eiseadh, agus is é atá idir lámhaibh ag na hointeolaithe ná bunchatagóirí agus bunchoibhnis na beithe nó an eisidh le bheith in ann beitheanna agus cineálacha de bheitheanna a shainmhíniú taobh istigh d'fhráma na réaltachta. Is féidir a rá gurb é an dóigh a gcoincheaptar an réaltacht is ábhar staidéir don ointeolaí
- Coimeádachas
- Is dearcadh polaitíochta é an coimeádachas a chuireann an bhéim ar chaomhnú na bhfiúntas traidisiúnta. Tá sé ar an taobh eile den speictream polaitíochta ón dearcadh radacach
- Aindiachas
- Seasamh fealsúnach é An tAindiachas, ina maítear nach bhfuil aon Dia ná Ard-Bheith ann. Tugtar Aindiachaí ar dhuine a leanann an fhealsúnacht seo. Is minic go gcuirtear ina leith gur creideamh atá ann, amhail creideamh spioradálta ar bith, ach maíonn na haindiachaithe féin gur cruinne 'easpa creidimh' a thabhairt air
- Fírinne
- Tugann an lucht fealsúnachta fírinne ar an gcoincheap gur féidir leis an duine cinneadh a dhéanamh an bhfuil rud éigin fíor nó nach bhfuil. Is cuid den díospóireacht idir fealsúna, diagairí is loighiceoirí í an cheist "cad is fírinne ann
- Nihilí
- Is é is nihilí ann ná duine a thacaíonn leis an nihileachas, is é sin, le fealsúnacht an éadóchais. Is iad na seasaimh is dual don nihilí a ghlacadh ná:nach bhfuil fianaise ar bith ann go bhfuil Dia nó cruthaitheoir ann;nach bhfuil moráltacht ann, agus mar sin, nach fiú aon ghníomh a dhéanamh nó a fhágáil gan déanamh de rogha ar aon rud eile;nach bhfuil cuspóir ar bith leis an saol