2015 Top Ten of Polemic for History

Ionsaithe 11 Meán Fómhair
Is éard a bhí i gceist le hIonsaithe 11 Meán Fómhair ná sraith de cheithre ionsaí sceimhleoireachta ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, réitithe ag na mbuíon Ioslámach sceimhleoireachta al-Qaeda, maidin dé Máirt, 11 Meán Fómhair, 2001. Maraíodh 2,977 duine, gortáiodh níos mó ná 25,000 agus cruthaíodh an iliomad fadhbanna sláinte fadtéarmacha de bharr na n-ionsaithe. Anuas ar sin, deineadh scríos mhillteach ó thaobh an bhonneagair agus na maoine de, ar chostas thart ar 10 billiún dollar
Cogadh na Saoirse (An Spáinn)
Bhí Cogadh Saoirse na Spáinne nó Cogadh na Leithinse, cogadh sa Spáinn i rith Cogaidh Napoleon. Bhí muintir na Spáinne ag troid leis an bPoirtingéil agus Sasana in aghaidh Impireacht na Fraince. Lean an cogadh ó forghabháil na Spáinne sa bhliain 1808 go dtí ghéilleadh Napoleon sa bhliain 1814
Childericus I
B'é Childericus I ina rí na bhFranc Sailíneach ó 457 go dtí go bhfuair sé bás, agus b'athair Chlodovechus I é
Cogadh na Saoirse Gréagach
Thosaigh Cogadh na Saoirse Gréagach nó Réabhlóid na nGréagach (1821–1831),, le saoirse a fháil ó na Tuircigh. De réir chonradh Chathair Chonstaintín a síneadh i mí Iúil 1832, aithníodh An Ghréig (Hellas) mar thír iomlán shaor. Ba iad na Gréagaigh an chéad grúpa daoine a shaoraigh iad féin ón Impireacht Otamánach. Gach bliain, déanann na Gréagaigh ceiliúradh ar an neamhspleáchas a bhain siad amach ar an 25 Márta
Cogadh Cathartha na Rúise
Cogadh a troideadh in Impireacht na Rúise ab ea Cogadh Cathartha na Rúise, a mhair ón mbliain 1917 go dtí 1922. Thosaigh sé go gairid i ndiaidh do rialtas sealadach na Rúise titim agus na Boilséivigh an chumhacht a shealbhú i Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Chuaigh na cúrsaí chun donais nuair a rinne Léinín lánscor ar Chomhthionól Bunreachta na Rúise agus, go háirithe, nuair a shínigh sé Conradh Síochána Brest-Litovsk i Mí Márta 1918, nó d'fhág an Conradh sin cuid mhór d'Iarthar na
Cogadh Cathartha na hÉireann
B'é síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh a chuir tús leis an gcoimhlint ar a dtugtar Cogadh Cathartha na hÉireann, nó Cogadh na gCarad. B'fhéidir go bhfuair 1,500 bás idir Meitheamh 1922-Bealtaine 1923 mar gheall ar an troid
Stair na Polainne
Is é is brí le stair na Polainne ná an t-eolas atá ar fáil sna foinsí liteartha faoi shaol na Polainne fadó agus faoi na himeachtaí a chuir cor i gcinniúint a muintire
Dúchrónaigh
Fórsa paraimíleata ab ea Fórsa Chúltaca Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, nó na Dúchrónaigh mar a thugtar orthu go minic a cuireadh go hÉirínn le cuidiú le Constáblacht Ríoga na hÉireann troid a chur ar Óglaigh na hÉireann i mblianta Chogadh na Saoirse, ó 1920 go 1921. Thuill siad míchlú ó mhuintir na hÉireann, agus an léirscrios míréasúnta a rinne siad ar an tír
Dara Poblacht na Spáinne
Ba í Dara Poblacht na Spáinne an rialtas a bhí ann sa Spáinn idir 14 Aibreán, 1931, nuair a theith Rí Alfonso XIII as an dtír, agus 1 Aibreán, 1939, nuair a ghéill fórsaí deireanacha na bPoblachtánach go fórsaí Franco nuair a tháinig Cogadh Cathartha na Spáinne chun críche
Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha
B'é Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha an ceann ba tábhachtaí de pháirtithe na heite clé in Impireacht na Rúise roimh chaithréim na mBoilséiveach. Bunaíodh an páirtí sa bhliain 1902, ach roimhe sin féin, bhí grúpaí áitiúla ar fud na Rúise a dtugadh "na Sóisialaithe Réabhlóideacha" orthu féin. Bhí fréamha na ngrúpaí seo i ngluaiseachtaí tuathghríosóireachta na naoú haoise déag, agus iad ag iarraidh scológa bochta na Rúise a spreagadh chun ceannairce