2015 Top Ten of Conflict for Society

Toghairm
Is éard is toghairm ann ná cáipéis a sheachadtar chuig an duine lena chur in iúl dó go bhfuil an dlí le cur air agus go gcaithfidh sé teacht os comhair na cúirte. Is gnách a rá go seirbheáiltear an duine, nó go seirbheáiltear an toghairm air. Focal liteartha amháin é "toghairm" nach gcluintear sa ghnáthchaint. Gairm dlí an téarma a úsáidtear i gcaint na ndaoine, chomh maith le leaganacha Gaelaithe den téarma Béarla. An duine a dhréachtóidh an toghairm, caithfidh sé na pointí
Ré Órga na bhFoghlaithe Mara
Tharla Ré Órga na bhFoghlaithe Mara sa Mhuir Chairib, san tAigéan Indiach chomh maith le cósta Mheiriceá agus cósta Iarthar na hAfraice den chuid ba mhó. Bhí roinnt cúiseanna leis an mborradh faoin bhfoghlaíocht. Bhí go leor mairnéalach díomhaoin mar gheall ar an tsíocháin a bhí tar éis teacht chun cinn san Eoraip. Chonaic na foghlaithe mara deis ann dóibh toisc go raibh cabhlaigh na dtíortha Eorpacha imithe i léig, agus go raibh méadú tar éis teacht ar an líon bád ag bhí taisteal
Punc-rac
Seánra rac-cheoil is ea punc-rac, a tosaíodh sna 1970idí i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Sasana. Bannaí móra ag an am ab ea The Ramones, The Clash, Sex Pistols agus The Damned. Rac-cheol simplí, salach agus tapaidh is ea é, agus bíonn teachtaireachtaí feargacha agus agóideacha sna liricí go minic
Teangacha Afráiseacha
Grúpa tábhachtach teangacha is ea na teangacha Afráiseacha nó na teangacha Seimíteach-Cheamaiteacha a labhraítear sa Mheán-Oirthear agus i dTuaisceart na hAfraice. Is iad na foghrúpaí tábhachtacha ná:na teangacha Seimíteacha, ar nós na hAraibise, na hEabhraise, na hAramaise, na hAmairise, na Tigrinise agus roinnt mhaith teangacha a labhraítí sa Mheán-Oirthear sa tseanársaíocht.na teangacha Cúisiteacha, cosúil leis an tSómáilis.na teangacha Seadacha, a labhraítear timpeall Loch Sead
Síceolaíocht
Is í an tsíceolaíocht ná an brainse sin den eolaíocht a bhaineann le aireachtáil, smaoineamh, mothúcháin, agus iompar, agus mar a éiríonn siad as próisis orgánacha agus in imoibriú leis an timpeallacht nádúrtha agus shóisialta
Teanga (cumarsáid)
Maraon le aon choincheap casta, is deacair teanga a shainmhíniú go beacht; d´aontódh formhór na saineolaithe, ámh, gur córas aithrise agus cur in iúl é, a bhaineann feidhm as samhlú, maraon le meafar, agus saghas éigin gramadaí loighciúil. Baineann a lán teangacha feidhm as comharthaí, fuaimeanna, siombail, nó focail, agus cur in iúl coincheapa, tuairimí, bríonna, agus smaointe mar chuspóir acu, cé go dtagann ceist an neamhchruinnis sa teangeolaíocht chun tosaigh nuair a dhéantar
An Gorta Mór
Is é an Drochshaol nó Gorta Mór na hÉireann an gorta a bhuail Éire ón mbliain 1845 ar aghaidh agus a mharaigh is a ruaig as an tír cupla milliún Éireannach. Tháinig galar dubh – an fungas úd Phytophora infestans – ar na prátaí ar fud na hÉireann, agus bhí formhór na ndaoine bochta i dtuilleamaí an phráta mar bhia, fuair na sluaite acu bás. An t-éag mór seo agus an imirce millteanach a lean é, scrios siad na struchtúir shóisialta a bhí ina gcrann taca don Ghaeilge go dtí sin
Guthán
Is gléas teileachumarsáide é an guthán, ón nGréigis τηλέ agus φωνή (guth), a úsáidtear chun fuaim a tharchur agus a ghlacadh, go hiondúil idir bheirt nó níos mó ag caint le chéile. Tá an guthán, nó an teileafón agus an fón mar a tugtar air chomh maith, i measc na ngléasanna tí is coitianta sa domhan nua-aimseartha. Mar aon le sin, is ceann dos na huirlisí gnó is tábhachtaí ar domhan é. Is beag gnólacht nach bhfuil guthán acu
Icelandair
Is í Icelandair an aerlíne is mó san Íoslainn, atá lonnaithe i Réicivíc, príomh-chathair na tíre. Tá an aerlíne suite san Aerfort Idirnáisiúnta Keflavík. Bunaíodh an aerlíne sa bhliain 1937
Tubaiste Hillsborough
Tubaiste a tharla i rith chluiche sacair i Hillsborough, Sheffield, Sasana ab ea Tubaiste Hillsborough. Bhí Liverpool F.C. ag imirt i gcoinne Nottingham Forest F.C. i gcluiche leathcheannais an Corn FA, ar 15 Aibreán 1989, in Hillsborough. D'éag sé dhuine is nócha nuair a tháinig an iomarca daoine isteach sa staid ag an am céanna. Chuir an réiteoir deireadh leis an gcluiche ag 3:06, nuair a thosaigh daoine gortaithe ag teacht amach ar an bpáirc