2015 Top Ten of Conflict for History

Ionsaithe 11 Meán Fómhair
Is éard a bhí i gceist le hIonsaithe 11 Meán Fómhair ná sraith de cheithre ionsaí sceimhleoireachta ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, réitithe ag na mbuíon Ioslámach sceimhleoireachta al-Qaeda, maidin dé Máirt, 11 Meán Fómhair, 2001. Maraíodh 2,977 duine, gortáiodh níos mó ná 25,000 agus cruthaíodh an iliomad fadhbanna sláinte fadtéarmacha de bharr na n-ionsaithe. Anuas ar sin, deineadh scríos mhillteach ó thaobh an bhonneagair agus na maoine de, ar chostas thart ar 10 billiún dollar
Cogadh Cathartha na Rúise
Cogadh a troideadh in Impireacht na Rúise ab ea Cogadh Cathartha na Rúise, a mhair ón mbliain 1917 go dtí 1922. Thosaigh sé go gairid i ndiaidh do rialtas sealadach na Rúise titim agus na Boilséivigh an chumhacht a shealbhú i Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Chuaigh na cúrsaí chun donais nuair a rinne Léinín lánscor ar Chomhthionól Bunreachta na Rúise agus, go háirithe, nuair a shínigh sé Conradh Síochána Brest-Litovsk i Mí Márta 1918, nó d'fhág an Conradh sin cuid mhór d'Iarthar na
Fuascailt Dheiridh
B'í an Fhuascailt Dheiridh - nó Fuascailt Dheiridh na Ceiste Giúdaí an t-ainm a bhí ag Adolf Hitler agus ag an rialtas Naitsíoch ar an bplean a bhí acu Giúdaigh na hEorpa a mharú. Ba chuid lárnach é de pholasaí na Naitsithe i rith an Dara Cogadh Domhanda ón mbliain 1939 go dtí bás Hitler sa bhliain 1945. B'é Adolf Eichmann a chum is a cheap an téarma úd Endlösung. B'í Oibríocht Reinhard, nó marú na nGiúdach i nGobharnóireacht Ghinearálta na Polainne, sa bhliain 1942 an chéad
Cogadh na Saoirse (Éire)
Tugtar Cogadh na Saoirse, 21 Eanáir 1919 - 11 Iúil 1921, ar an treallchogadh idir Rialtas na Breataine in Éirinn agus Óglaigh na hÉireann, a bhí faoi smacht na Chéad Dála. Parlaimint neamhspleách a bhí ann, agus í curtha i dtoll le chéile as feisirí Éireannacha a vótáladh isteach in olltoghchán Westminster sa bhliain 1918, an tromlach acu a thoiligh le dul ar an Dáil mar theachtaí
Dara Poblacht na Spáinne
Ba í Dara Poblacht na Spáinne an rialtas a bhí ann sa Spáinn idir 14 Aibreán, 1931, nuair a theith Rí Alfonso XIII as an dtír, agus 1 Aibreán, 1939, nuair a ghéill fórsaí deireanacha na bPoblachtánach go fórsaí Franco nuair a tháinig Cogadh Cathartha na Spáinne chun críche
Séarlas V, Impire Naofa Rómhánach
Bhí Séarlas V ina Rí ar an Ísiltír Bhurgúnach (1506-1555), ar an Spáinn (1516-1556), ar an Napóil, ar an tSicil (1516-1554) agus ar na Rómhánaigh (1519-1558). Ba é Ard-Diúc na hOstaire (1519-1521) agus an tImpire Naofa Rómhánach (1530-1558) é. Sa Spáinn thugtaí Carlos I air
Cogadh na Saoirse Gréagach
Thosaigh Cogadh na Saoirse Gréagach nó Réabhlóid na nGréagach (1821–1831),, le saoirse a fháil ó na Tuircigh. De réir chonradh Chathair Chonstaintín a síneadh i mí Iúil 1832, aithníodh An Ghréig (Hellas) mar thír iomlán shaor. Ba iad na Gréagaigh an chéad grúpa daoine a shaoraigh iad féin ón Impireacht Otamánach. Gach bliain, déanann na Gréagaigh ceiliúradh ar an neamhspleáchas a bhain siad amach ar an 25 Márta
Stair na Polainne
Is é is brí le stair na Polainne ná an t-eolas atá ar fáil sna foinsí liteartha faoi shaol na Polainne fadó agus faoi na himeachtaí a chuir cor i gcinniúint a muintire
Dúchrónaigh
Fórsa paraimíleata ab ea Fórsa Chúltaca Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, nó na Dúchrónaigh mar a thugtar orthu go minic a cuireadh go hÉirínn le cuidiú le Constáblacht Ríoga na hÉireann troid a chur ar Óglaigh na hÉireann i mblianta Chogadh na Saoirse, ó 1920 go 1921. Thuill siad míchlú ó mhuintir na hÉireann, agus an léirscrios míréasúnta a rinne siad ar an tír
Cogadh na Saoirse (An Spáinn)
Bhí Cogadh Saoirse na Spáinne nó Cogadh na Leithinse, cogadh sa Spáinn i rith Cogaidh Napoleon. Bhí muintir na Spáinne ag troid leis an bPoirtingéil agus Sasana in aghaidh Impireacht na Fraince. Lean an cogadh ó forghabháil na Spáinne sa bhliain 1808 go dtí ghéilleadh Napoleon sa bhliain 1814