2015 Top Ten of Conflict for Health
- Slaghdán
- Is breoiteacht é an slaghdán. Tagann slaghdán ar gach éinne, óg agus aosta, agus breoiteacht an-choitianta is ea é. Bíonn slaghdán trom ar dhaoine, agus slaghdán éadrom ar a thuilleadh acu. Agus slaghdán trom ar dhaoine fanann siad sa leaba uaireanta ar feadh lae nó dó go mbíonn sé curtha tharstu acu. Ní hannamh a bhíonn slaghdán an-leadaránach, go mór mór mura dtógfaí leigheas éigin chun é ruagadh as an gcorp. Is iad comharthaí an tslaghdáin: casachtach, sraothartach agus
- Néareolaíocht
- Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas a bhaineann le tubaistí agus galair a bhaineann leis na gcillín néarach (néaróg). Tugtar néareolaí ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar othair a bhfuil galra néaracha orthu, m.sh. titimeas, galar Parkinson nó stróc
- Hipitíoróideacht
- Is éard is Hipitíoróideacht ann ná nuair nach gcruthaítear a dóthain hormón tíoróideach sa duine. An galar is mó a tharlaíonn dá bharr seo ná Galar Graves. Má chuirtear isteach ar feidhmeanna an tíoróidigh trí easpa hormón a chuir ar fáil is féidir bheith ag súil go mbeidh daoine traochta, is go mbeidh siad mall ó thaobh luas na hintinne
- Bolgach
- Breoiteacht mharfach ba ea an Bholgach, nó an Bolgach Dé, agus Variola vera sa Laidin
- Radaiteiripe
- Tugtar oinceolaíocht raidíochta ar radaiteiripe chomh maith, agus XRT mar ghiorrúchán Béarla air. Is éard is radaiteiripe ann ná úsáid a bhaint as radaíocht ianaíoch mar chuid de chóir leighis ar ailse trí chealla urchóideacha a smachtú. Ní hionann é agus raideolaíocht, rud a bhaineann feidhm as an radaíocht chun íomháú agus fáthmheasanna a dhéanamh
- Haemacrómatóis cineál 1
- Galar ó oidhreacht é an Haemachrómatóis cineál 1 nó an Galar Ceilteach ina stórálann an cholainn an-iomarca iarainn ó aiste bia an othair. Fágann seo go mbíonn ardú paiteolaíoch de na leibhéil iarainn sa cholainn
- Galar Graves
- Is galar a bhaineann le neamhord na faireoige tíoróidí é Galar Graves. Is minice a fheictear an galar seo i measc na mban agus iad siúd atá amach sna blianta, agus bíonn sé ar dhuine nó beirt as thart faoi gach míle duine. An cineál is coitianta den ghalar a fheictear ná ainglis nó meall mór a ghobann as muiníl daoine. As Robert James Graves, dochtúir Éireannach, a ainmníodh an galar seo
- Bruitíneach
- Galar tógálach is ea an bhruitíneach. Galar víreasach a scaiptear trí bhraoiníní ionfhabhtaithe aeriompartha is ea í
- Plucamas
- Galar tógálach dainséarach víreasach is ea an plucamas nó an leicneach. Scaiptear an galar ó dhuine go duine trí chasacht, trí shraothartach, nó trí theagmháil dhíreach le seile
- Leoicéime
- Is éard is leoicéime ann ná galar fola nó smeara a chuireann na fuilchealla - na cinn bhána ach go háirithe - ag dul i bhflúirse ar dhóigh neamhnormálta. Ní haon ghalar amháin í an leoicéime ach speictream leathan de ghalair