2015 Top Ten of Conflict for Culture

Dlúthdhiosca
Is éard atá i ndlúthdhiosca ná diosca plaisteach a stórálann fuaim nó eolas digiteach. Tá sé thart ar 12 cm / 4.7 orlach ar leithead, agus 1.2 mm ar tiús
Bean
Is í is bean ann ná duine baineann fásta. "Cailín" nó "girseach" a thugtar ar dhaoine baineanna nár tháinig i mbun a méide fós
Damhsa
Ealaíon chorportha é an damhsa le gluaiseachtaí comhordaithe, a bhíonn rithimiúil de ghnáth agus á chleachtadh i bpáirt le ceol. Is ón bhfocal 'danse' sa bhFraincis a thagann an focal Gaeilge 'damhsa'. Tugtar 'rince' air freisin, agus deirtear gur ón seanrann Béarla do pháistí 'Ring a Ring a Rosy' a tháinig an focal sin
Sūdoku
Is cluiche dúcheiste é Sūdoku,, a litrítear mar Sū Doku uaireanta. Is í aidhm an chluiche ná uimhir ó 1 go 9 a lonnú i ngach cillín ghreille, don chuid is mó greille 9×9 le fo-ghreillí 3x3, ag tosnú le uimhreacha áirithe líonta isteach cheana sa ghreille. Níl ach aon riail amháin ann chun an cluiche a imirt - líon isteach an ghreille sa chaoi is nach bhfuil aon uimhir in aon tsraith, cholún nó réigiún faoi dhó. Tá leagan amach na greille cosúil le crosfhocail agus fadhbanna
Bleach
Is é Bleach an chéad albam ón bhanna rac-cheoil Nirvana. Albam trom agus dorcha ab ea é, le fuaimeanna cosúil le The Melvins, Mudhoney agus bannaí eile as Seattle. Ach bhí fuaim Nirvana féin le cloisteáil freisin, agus bhí Kurt Cobain ag fás mar chumadóir. Leis an albam seo, thaispeáin Nirvana go maith an fuaim grúinse - chomhcheangal idir miotal trom agus punc-rac, agus léirigh siad freisin neart an chomhcheangail nua seo
Cócaireacht
Is í an chócaireacht an t-athrú a dhéantar ar bhia, de ghnáth tré theas a chur faoi. Is féidir cócaireacht a dhéanamh le tine a ullmhaíodh le hadhmad, le móin, le gual, le gás nó le leictreachas. Déantar cócaireacht ar bhia chun é a dhéanamh níos éasca le cogaint agus le próiseáil ag an gcorp, chun é a dhéanamh sábháilte trí fhrídíní a mharú, nó chun feabhas a chur ar bhlas an bhia. Tá iliomad bealaí le cócaireacht a dhéanamh. Mar shampla, féadtar róstadh, friochtáil
Oideachas
Is é an t-oideachas an léann nó scolaíocht a thugtar do dhuine, mar aon leis an traenáil agus an múnlú a chuirtear air. Sa domhan thiar, tá ceart ag gach duine, agus is é an gnás inniu, oideachas a fháil ó aois óg go haois idir 15 agus 18, de ghnáth 18 bliain d'aois
Rac-cheol
Seánra popcheoil is ea rac nó rac-cheol, a thosaigh amach mar rac is roll i Stáit Aontaithe Mheiriceá sna 1950idí. Tá rac-cheol comhdhéanta de ghuthanna agus uirlisí éagsúla - an giotár, an dordghiotár agus na drumaí ach go háirithe. Uirlisí eile a baintear úsáid as ná an pianó, an t-orgán agus an t-sintéiseoir. De ghnáth, bíonn cúl-bhuille láidir le cloisteáil i rac-cheol, agus bíonn na hamhráin bunaithe ar na giotáir don chuid is mó
Football Club Internazionale Milano
Is club peile Iodálach é Football Club Internazionale Milano, ar a dtugtar Internazionale nó Inter de ghnáth. Imríonn dhá chlub ó chathair Mhilano i Serie A: Inter agus Milan. 44 ball de Mhilan a bhunaigh Inter sa bhliain 1908 toisc nár ghlacadar le forlámhas na n-Iodálach i Milan. Is é Inter an t-aon chlub amháin a d'imir i ngach séasúr Serie A. Tá sé ar an dara club is rathúla sa tsraith: tá ocht gcraobh déag buaite aige. Bhuaigh Internazionale Corn na hEorpa sna blianta 1964, 1965
Maighdean mhara
Maighdean mhara a thugtar ar chréatúr ar leath mná agus leath éisc í. Murúch a thugtar uirthi i nGaeilge na Mumhan