2014 Top Ten of Polemic for Society
- Monarcacht
- Is córas rialtais í Monarcacht ina mbíonn Monarc ina C(h)eann Stáit ar thír. De ghnáth, rialaíonn Monarc ar feadh a s(h)aoil. Mar chontrárthacht, i bpoblacht, toghtar an Ceann Stáit. Faoi láthair, tá 29 monarcacht ar domhan
- Gramadach na Gaeilge
- Tá an léargas thíos bunaithe ar Ghramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil agus leabhair eile
- Teanga chomharthaíochta
- Is cineál teanga a úsáideann cumarsáid láimhe in áit cainte atá i gceist le teanga chomharthaíochta
- An Gorta Mór
- Is é an Drochshaol nó Gorta Mór na hÉireann an gorta a bhuail Éire ón mbliain 1845 ar aghaidh agus a mharaigh is a ruaig as an tír cupla milliún Éireannach. Tháinig galar dubh – an fungas úd Phytophora infestans – ar na prátaí ar fud na hÉireann, agus bhí formhór na ndaoine bochta i dtuilleamaí an phráta mar bhia, fuair na sluaite acu bás. An t-éag mór seo agus an imirce millteanach a lean é, scrios siad na struchtúir shóisialta a bhí ina gcrann taca don Ghaeilge go dtí sin
- Dátheangachas oifigiúil
- Tagraíonn an dátheangachas oifigiúil don bheartas atá glactha ag roinnt stát aithint a thabhairt do dhá theanga mar theangacha oifigiúla lena n-áirítear ag láimhseáil agus nó ag déileáil le gach doiciméad oifigiúil, gach comhfhreagras, gach gnó oifigiúil, agus nós imeachta na Cúirte san áireamh, sna teangacha sin.
Tá sé an-éagsúil ón dátheangachas pearsanta, sé sin, cumas an duine chun dhá theanga a labhairt
- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
-
Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an eagraíocht atá freagrach as cúram sláinte a chur ar fáil in Éirinn. Tá freagracht ag an Aire Sláinte as an bhFeidhmeannacht sa rialtas
- Conradh Angla-Éireannach
- Sa bhliain 1921, tar éis Chogadh na Saoirse, shínigh ionadaithe na Chéad Dála agus rialtas na Breataine an conradh síochána ar a dtugtar an Conradh Angla-Éireannach. Bunaíodh Saorstát Éireann, a bheadh ina Tiarnas agus thug sé rogha don pharlaimint Tuaisceart Éireann a bheith mar pháirt don Saorstáit nua nó le fanacht laistigh den Ríocht Aontaithe. Bhí Éire le fanacht laistigh de Chomhlathas na Breataine, agus bhí ceathar chalafort le fanacht in úsáid na Breataine
- Creideamh in Éirinn
- In Éirinn, is é an príomh chóras creidimh ná an Chríostaíocht. D'fhás an Chríostaíocht ó aimsir Naoimh Phádraig, go dtí gur bheagán de shean chreideamh na nGael a sheas i ndiaidh na meán aoiseanna
- Wall Street
- Is sráid chúng i Manhattan íochtarach, i gcathair Nua Eabhraic, í Wall Street. Tá an tionscail airgeadais agus infheistíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá lonnaithe ar Wall Street agus sna sráideanna mórthimpeall
- Síceolaíocht
- Is í an tsíceolaíocht ná an brainse sin den eolaíocht a bhaineann le aireachtáil, smaoineamh, mothúcháin, agus iompar, agus mar a éiríonn siad as próisis orgánacha agus in imoibriú leis an timpeallacht nádúrtha agus shóisialta