2014 Top Ten of Polemic

Dakota Theas
Is stát i SAM é Dakota Theas, é suite i lár na tíre. Tá teorainneacha aici le Dakota Thuaidh, Nebraska, Iowa, Minnesota, Wyoming agus Montana. Tá an séadchomhartha cáiliúil Mount Rushmore suite sa stát seo. Is é Pierre príomhchathair an stáit; is é Sioux Falls an chathair is mó
Cristiano Ronaldo
Is imreoir peile é Cristiano Ronaldo dos Santos Aveiro. Is peileadóir gairmiúil é, a imríonn sna tosaithe do Juventus agus atá ina chaptaen ar fhoireann náisiúnta na Portaingéile. Is minic a mheastar gurb é an t-imreoir is fearr ar domhan é agus mar cheann de na himreoirí is mó riamh. Tá cúig Ballon d’Or agus ceithre bhróg órga Eorpacha buaite ag Ronaldo. Tá 29 trófaithe buaite aige, lena n-áirítear sé theideal sraithe, cúig Shraith Seaimpíní UEFA, Craobh Eorpach UEFA amháin
Gleann Laoigh
Is gleann suite i gComhairle Shiorrachd Obar Dheathain é Gleann Laoigh
Fudbalski klub Crvena zvezda
Is club peile na Seirbia as Béalgrád é Fudbalski klub Crvena zvezda. Bunaíodh an Réalta Dhearg sa bhliain 1945 agus bhuaigh an club Corn na hEorpa sa bhliain 1991
Neil Lennon
Bainisteoir agus iar-imreoir sacair gairmiúil Éireannach Tuaisceartach é Neil Lennon. Bhí sé ina bhainisteoir ar Celtic F.C. in Albain, club a raibh sé ag imirt i lár na páirce leis. Ba chaptaen na foirne é freisin. D'imir sé d'fhoireann náisiúnta Thuaisceart Éireann ach d'éirigh sé as tar éis drochíde seicteach a fháil mar gheall gur Chaitliceach é. Ceapadh ina bhainisteoir Hibernian é i 2016
Guns N' Roses
Tháinig an grúpa Guns N' Roses le chéile sa bhliain 1985 as baill Hollywood Rose - Axl Rose (guth) agus Izzy Stradlin - agus baill de chuid L.A. Guns - Tracii Guns (príomhghiotár), Ole Beich (dord), agus Rob Gardner (drumaí). Rinneadh ainm an bhanna as ainmneacha an dá bhanna seo a chur le chéile. Níos deanaí chaill Ole Beich a áit sa bhanna agus thóg Duff McKagan a áit. Tar éis tamaill, bhí Tracii Guns ionadaithe ag Slash mar ní raibh Tracii ag freastal ar na seisiúin chleachtaidh
Tiarna na bhFáinní
Úrscéal eipiciúil fantaisíochta is ea Tiarna na bhFáinní leis an Ollamh le Léann na Meánaoiseanna J. R. R. Tolkien. I dtús báire, ní raibh ann ach scéal leantach don Hobad, a chum sé do na páistí roimhe sin, ach sa deireadh thiar, b'é Tiarna na bhFáinní a thabhaigh an cháil dhomhanda dó. Scríobh sé an t-úrscéal de réir a chéile idir na blianta 1937 agus 1949, cuid mhaith de i mblianta an Dara Cogadh Domhanda. Nuair a tháinig an t-úrscéal i gcló, foilsíodh ina thrí imleabhar
Stephen Kenny
Is bainisteoir agus iar-imreoir sacair é Stephen Kenny. Tá sé ina bainisteoir ar fhoireann sacair faoi 21 na hÉireann. Is iar-baintseoir é le Longford Town, Bohemians, Derry City, Dunfermline Athletic, Shamrock Rovers and Dundalk F.C
Tom Jones (Amhránaí)
Amhránaí Breatnach a bhfuil cáil air ar fud an domhain is ea Sir Thomas Jones Woodward, OBE, Kt, nó Tom Jones, mar is fearr aithne air. Is breitheamh é ar The Voice UK
Kirk Douglas
Aisteoir, léiritheoir, stiúrthóir, údar agus daonchara Meiriceánach ab ea Kirk Douglas, a rugadh faoin ainm Issur Danielovitch ar an 9 Nollaig 1916. Fuair sé bás inaois a 103 bliana ar an 5 Feabhra 2020