2014 Top Ten of Conflict for History

An Chéad Chogadh Domhanda
Is éard a bhí i gceist leis an gCéad Chogadh Domhanda nó an Cogadh Mór ná coimhlint dhomhanda a mhair ón mbliain 1914 go dtí an bhliain 1918. Sháraigh sé na cogaí go léir roimhe sin, agus inniu féin glactar leis go raibh sé ar an gcogadh ba mhó agus ba scriosúla i stair an chine dhaonna roimh an Dara Cogadh Domhanda. Cuireadh an chuid ba mhó den chogadh san Eoraip. Fágadh na milliúin marbh, agus tháinig domhan nua chun saoil de thoradh an chogaidh
Sentinel (tanc)
Tanc cúrsóireachta ba ea an Sentinel. Dearadh í san Astráil le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus ba í an chéad tanc í a rinneadh le cabhail a bhí teilgthe in aon phíosa amháin. Cé go ndearnadh roinnt de na tancanna seo níor baineadh feidhm astu sa chogadh, mar bhí tancanna Briotanacha agus Meiriceánacha ag na rannáin armúrtha Astrálacha faoin am sin
Réabhlóid na Fraince
B'eachtra agus tréimhse an-tábhachtach í Réabhlóid na Fraince (1789-1799) i stair na Fraince agus stair na hEorpa ó thaobh na polaitíochta agus ó thaobh an tsochaí
Reifirméisean
Tugtar an Reifirméisean ar ghluaiseacht a thosaigh sa 16ú haois le leas a chuir ar an Eaglais Chaitliceach, ach a d´fhág an Eoraip scoilte i dtaobh cleachtadh creidimh
Neamhspleáchas na Fionlainne
Ghlac parlaimint na Fionlainne le forógra an neamhspleáchais ar 6 Mí na Nollag 1917. Bhí sé de chuspóir ag an bparlaimint cúl a thabhairt le seanstádas na tíre mar Ard-Dhiúcacht fhéinstiúrtha Rúiseach
Céadchuairt Chríostóir Colambas go Meiriceá
Ar 5 Nollaig, 1492, tháinig Críostóir Colum go Meiriceá i seirbhís Rí na Spáinne. Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Meiriceá, cé go ndeirtear freisin gur tháinig Gaeil, mar shampla Naomh Breandán, agus Lochlannaigh, ann roimhe ón Eoraip. Ar oileán Easpáinneoil a tháinig sé i dtír ar a chéad turas
An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)
Fuair an tAcht um Rialtas na hÉireann (1920) aontú an rí ar 23 Nollaig 1920 agus chuir rialtas na Breataine an tAcht i bhfeidhm ar 3 Bealtaine 1921. Bhí an tAcht bunaithe ar an Tríú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann (1914). Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar Éirinn, tar éis an Chéad Chogadh Domhanda
Éirí Amach na Cásca
Ceannairc i gcoinne fhorlámhas na Breataine ar Éirinn ab ea Éirí Amach na Cásca ar Luan Cásca, 24 Aibreán 1916. Ghlac na hÓglaigh agus an tArm Cathartha seilbh ar fhoirgnimh thábhachtacha i lár Bhaile Átha Cliath, agus Ardoifig an Phoist i Sráid Uí Chonaill mar cheanncheathrú acu. Ós rud é gur fhoilsigh ceannaire na nÓglach, Eoin Mac Néill, fógráin ar na nuachtáin an tseachtain roimh an gCáisc, agus é ag fógairt "go raibh paráidí na nÓglach ar an gCáisc" curtha ar ceal, níor
Óglaigh Uladh
Eagraíocht mhíleata a bunaíodh sa bhliain 1912 chun cur i gcoinne an Rialtais Dúchais d'Éirinn is ea Óglaigh Uladh
Rásaí Chaisleáin an Bharraigh
Ruaig ar fhórsaí Sasanacha i gCáisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo, i mbun Éirí Amach 1798 in Éirinn a bhí i Rásaí Chaisleán an Bharraigh, ar an 27 Lúnasa 1798