2014 Top Ten of Conflict for Geography

Gleann Laoigh
Is gleann suite i gComhairle Shiorrachd Obar Dheathain é Gleann Laoigh
Gaillimh
Cathair in iarthar na hÉireann is ea Gaillimh agus tuairim is 79,934 duine ina gcónaí inti. Is í Gaillimh príomhbhaile Chontae na Gaillimhe. De réir cuntais Ruaidhrí Uí Fhlaithbheartaigh, tagann ainm an bhaile ó Abhainn na Gaillimhe
Dakota Theas
Is stát i SAM é Dakota Theas, é suite i lár na tíre. Tá teorainneacha aici le Dakota Thuaidh, Nebraska, Iowa, Minnesota, Wyoming agus Montana. Tá an séadchomhartha cáiliúil Mount Rushmore suite sa stát seo. Is é Pierre príomhchathair an stáit; is é Sioux Falls an chathair is mó
Catar
Tír Arabach is ea Catar, atá lonnaithe sa Mheánoirthear in iardheisceart na hÁise. Tá sé ag críochantacht leis an Araib Shádach theas. 2,576,181 an daonra de réir an daonáirimh sa bhliain 2016
Doire
Is í 'Doire, an dara cathair is mó i dTuaisceart Éireann. Tá an chathair suite ar dhá thaobh an Fheabhail
Tuaisceart Éireann
Is ionann Tuaisceart Éireann agus limistéar na sé gcontae úd Aontroim, Ard Mhacha, Doire, An Dún, Tír Eoghain agus Fear Manach a dealaíodh ón gcuid eile d'Éirinn nuair a tháinig an Conradh Angla-Éireannach i bhfeidhm sa bhliain 1922
Meiriceá Láir
Is réigiún í Meiriceá Láir, caol talún idir Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas. Ó thaobh na tíreolaíochta de, ceaptar mar chuid de Mheiriceá Thuaidh í. Is iad na tíortha idir Mheicsiceo agus an Cholóim a bhfuil sa réigiún. Tá sí 540,000 km² in achar. Ba stát é an réigiún, Stáit Aontaithe Mheiriceá Láir i rith an 19ú haois, ó 1823 go 1840. Tá parlaimint Mheiriceá Láir fós ann, faoin ainm Parlamento Centroamericano as Spáinnis, nó Parlacen, ach ní parlaimint náisiúnta
Futbol Club Barcelona
Club spóirt atá suite i mBarcelona, sa Chatalóin, agus sa Spáinn, is ea Futbol Club Barcelona a bunaíodh i 1899. Cé go bhfuil aithne ar an gclub mar gheall ar a fhoireann sacair, tá foirne gairmiúla i dtrí spórt eile acu - cispheil, liathróid láimhe agus haca rollála. Tugtar Barça ar an gclub chomh maith mar leasainm. Imríonn siad a gcuid cluichí sacair sa Nou Estadi del Futbol Club Barcelona, ceann de mhór-staideanna an domhain le hacmhainn 98,600
Dúlais (Oileán Mhanann)
Is é Dúlais príomhchathair Oileán Mhanann agus is é an baile is mó ar an oileán. Tá 27,938 duine ina gcónaí ann, an tríú cuid de phobal an oileáin. Tionóltar Tinbheal sa bhaile. Meastar gur ciall lena ainm Glais Dhubh ar son na hAbhann Dubh, a ritheann i gcóngar leis an mbaile, nó b'fhéidir Dubh-Ghlas, ar son na habhann sin agus na hAbhann Glas, abhainn eile a aontaíonn leis an Abhainn Dhubh
An Fhrainc
Is tír í an Fhrainc nó Poblacht na Fraince atá suite in iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an mBeilg, Lucsamburg, an nGearmáin, an Eilvéis, an Iodáil, Monacó, Andóra agus an Spáinn. Is ball den Aontas Eorpach í an Fhrainc ó bhunú na heagraíochta