2014 Top Ten of Conflict for Culture
- Ispín
- Bia is ea ispín a dhéantar de phutóga muca. Friochtar iad de ghnáth. Is féidir iad a ithe fuar nó te. Bíonn cinn ann breac le spíosraí agus ábhair eile chun blas faoi leith a thabhairt dóibh. Is féidir iad a ithe ina iomlán nó iad a ghearradh go mín. Tá cáil ar thíortha éagsúla amhail An Ghearmáin agus An Spáinn de bharr na hispíní a dhéantar iontu. Itear ispíní mar chuid de chuid na maidine in Éirinn, ach déanta na fírinne, itear i rith an lae
- West Ham United Football Club
- Is club peile as Londain é West Ham United Football Club Imríonn na Hammers sa Premier League
- An Ghaeilge
- Is ceann de na teangacha Ceilteacha í an Ghaeilge, agus ceann den dtrí cinn de theangacha Ceilteacha ar a dtugtar na teangacha Gaelacha go háirithe. Labhraítear in Éirinn go príomha í, ach tá cainteoirí Gaeilge ina gcónaí in áiteanna eile ar fud an domhain
- Tiarna na bhFáinní
- Úrscéal eipiciúil fantaisíochta is ea Tiarna na bhFáinní leis an Ollamh le Léann na Meánaoiseanna J. R. R. Tolkien. I dtús báire, ní raibh ann ach scéal leantach don Hobad, a chum sé do na páistí roimhe sin, ach sa deireadh thiar, b'é Tiarna na bhFáinní a thabhaigh an cháil dhomhanda dó. Scríobh sé an t-úrscéal de réir a chéile idir na blianta 1937 agus 1949, cuid mhaith de i mblianta an Dara Cogadh Domhanda. Nuair a tháinig an t-úrscéal i gcló, foilsíodh ina thrí imleabhar
- Cultúr
- Tagann an focal cultúr ón fhocal Laidine colere. De ghnáth is gníomhaíochtaí daonna atá i gceist. Tá go leor sainmhíniú ann faoi cad is saíocht ann, bunaithe ar na teoiricí éagsúla. Is éard is ciall le cultúr, d'fhéadfá a rá, ná staid sibhialtachta a bhaineann le pobal daoine. Féadann cultúr tagairt d'fheabhsú na hintleachta, freisin
- Stephen Kenny
- Is bainisteoir agus iar-imreoir sacair é Stephen Kenny. Tá sé ina bainisteoir ar fhoireann sacair faoi 21 na hÉireann. Is iar-baintseoir é le Longford Town, Bohemians, Derry City, Dunfermline Athletic, Shamrock Rovers and Dundalk F.C
- Rugbaí
- Is saghas spóirt é rugbaí a fhorbraíodh in áiteanna éagsúla i Sasana. Deirtear gur tháinig an spórt ar an bhfód don chéad uair sa Scoil Rugby, atá suite i Rugby, Warwickshire. Nuair a luaitear an téarma "rugbaí", is iad atá i gceist don chuid is mó ná na dhá leagan den chuiche is mó - Rugbaí Sraithe agus Rugbaí Aontais. Cé gur fhás peil Mheiriceánach, agus peil Cheanadach as rugbaí, ní chuirtear iad sa chatagóir céanna.
Bhi buaidh mor air peil
- Ros na Rún
- Sobaldráma Gaeilge atá á chraoladh ar TG4 (TnaG) ó 3 Samhain 1996 ar aghaidh é Ros na Rún. Tá sé ar cheann de na cláir is cáiliúla ar TG4. Tá sé ar an teilifís gach Máirt agus Déardaoin ag 20:30 agus tá ollchlár ar an teilifís gach Domhnach
- Associazione Calcio Milan
- Is club peile Iodálach é Associazione Calcio Milan, ar a dtugtar Milan de ghnáth, a bunaíodh i Milano sa bhliain 1899. Imríonn an club i Serie A faoi láthair agus tá sé suite san naoú áit den rangú ilchríochach UEFA, arna dhréachtú ar bhonn torthaí a sroicheadh i gcomórtais Eorpacha sna cúig bliana deiridh. Is é Milan an club príomha an domhain don líon na teidil idirnáisiúnta buaite, lena n-áirítear ceithre Coirn Idir-ilchríochacha, seacht Coirn na hEorpa, cúig Supercoirn
- Guns N' Roses
- Tháinig an grúpa Guns N' Roses le chéile sa bhliain 1985 as baill Hollywood Rose - Axl Rose (guth) agus Izzy Stradlin - agus baill de chuid L.A. Guns - Tracii Guns (príomhghiotár), Ole Beich (dord), agus Rob Gardner (drumaí). Rinneadh ainm an bhanna as ainmneacha an dá bhanna seo a chur le chéile. Níos deanaí chaill Ole Beich a áit sa bhanna agus thóg Duff McKagan a áit. Tar éis tamaill, bhí Tracii Guns ionadaithe ag Slash mar ní raibh Tracii ag freastal ar na seisiúin chleachtaidh