2013 Top Ten of Polemic for Religion

Eoleolaíocht
Is í an Eoleolaíocht an creideamh a chum agus a cheap an scríbhneoir ficsin eolaíochta L. Ron Hubbard sa bhliain 1952. Creideamh é a bhí go minic ina chúis achrainn ó thús a staire, agus is minic nach mbíonn sé soiléir cé acu creideamh nó córas teiripe agus comhairleoireachta atá ann. Cuirtear ina leith fosta go bhfuil blas áirithe den cheoldráma spáis ar thuiscint na hEoleolaíochta ar réamhstair an chine dhaonna
An Torah
Is é an Torah an chaipéis is tábhachtaí i gcreideamh na nIúdach. Scriobhadh in Eabhrais é; focal Eabhraise is ea torah (תּוֹרָה) a chiallaíonn "teagasc" nó "dlí". Tugtar Dlí Mhaoise air chomh maith
Cumann Íosa
Is ord rialta de chuid na hEaglaise Caitlicí é Cumann Íosa, agus tugtar Íosánaigh ar chomhaltaí an oird seo. Ní féidir ach le fir bheith ina nÍosánaigh. Oideachasóirí, saineolaithe, múinteoirí agus scoláirí iad de ghnáth, agus clú is cáil orthu as an obair intleachtach atá idir lámhaibh acu le soiscéal Dé a chraobhscaoileadh
Airiasachas
Is éard a bhí i gceist leis an Airiasachas ná an teagasc diagachta a luaitear le hAirias, preispitéir Críostaí a bhí ag obair i gCathair Alastair san Éigipt. Bhí Airias barúlach nach cuid de Dhia a bhí in Íosa, ach neach ar leith agus é cruthaithe ag Dia. Bhí tionchar nár bheag ag an Airiasachas le lá Airiais agus go gairid i ndiaidh a bháis, nó ba Airiasaigh iad na hImpirí Rómhánacha Valens agus Constantius a Dó. Uaireanta, tugtar "Airiasachas" ar fhoirmeacha neamh-Thríonóideacha
An Hiondúchas
Is éard atá in Hiondúchas ná traidisiún spioradálta aondéitheach oirthearach. Sa lá atá inniu ann is é an tríú creideamh is mó cleachtaithe ar domhain. Is é ceann de na reiligiúin is sine sa domhan. Tá béim ag an Hiondúchas ar Búdachas, Saíceachas agus Seaineachas
Eaglais Fhíor Íosa
Is eaglais neamhshainchreidmheach neamhspleách í Eaglais Fhíor Íosa, (真[Zhēn] 耶[Yē] 穌[sū] 教[Jiào] 會[Huì]) a bunaíodh i mBéising, an tSín, i 1917. Gluaiseacht a tosaíodh le leas a chur ar an Eaglais Protastúnach atá ann, ach a d´fhág An Áise scoilte i dtaobh cleachtadh creidimh de
Creideamh
Is é is ciall le creideamh ná an córas tuisceana agus creidiúint a bhíonn ag duine nó ag pobal maidir le bunús an domhain, an saol i ndiaidh an bháis, agus tionchair diaga nó iar-dhaonna ar chúrsaí an tsaoil
Ortadocsacht an oirthir
Is é Ortadocsacht an oirthir creideamh na eaglaisí Criostai a ní aithiníodh ach trí comhairlí éacúiméineach - an Chéad Comhdháil Nícé, an Chéad Chomhdháil Cathair Chonstaintín agus an Chéad Chomhdháil Eifeasas. Níl na eaglaisí seo i gcomaoin go hionúil leis na Eaglaisi Cheartchreidmheach an Oirthir ach tá siad i ndialóg chun aontacht a fhilleadh
Pápa Líneas
Ba é Naomh Líneas an dara Pápa ar an Eaglais Chaitliceach. Ba as an Tuscáin san Iodáil é agus ghlac sé an Chríostaíocht. D'oirnigh Naomh Pól é ina shagart. Tháinig sé i gcomharbacht ar Naomh Peadar tar éis a bháis i 67. Fuair sé bás i ngéarleanúínt an Impire Títeas i 79. Tháinig Naomh Cléiteas ina dhiaidh
Pápa
Is é an Pápa ceannaire na hEaglaise Caitlicí. De réir thuiscint oifigiúil na hEaglaise, b'é Naomh Peadar an chéad Phápa. Tháinig an focal féin ón bhfocal Gréigise pappas, a chiallaíonn "athair", agus ón bhfocal Laidine papa, arb ionann an bhrí leis. Is é Proinsias, a rugadh faoin ainm Jorge Mario Bergoglio, atá ina Phápa ó 13 Márta 2013 i leith. Tháinig sé i gcomharbas ar Bheinidict XVI, a bhí ina Phápa ón mbliain 2005 go dtí go n-éirigh sé as an bpápacht ar 28 Feabhra 2013