2013 Top Ten of Polemic for Culture
- Deoraíocht (úrscéal)
- Is úrscéal í Deoraíocht a scríobh Pádraic Ó Conaire sa bhliain 1904. Meastar gurb í an chéad úrscéal nua-aimseartha dár scríobhadh i nGaeilge í. Scéal faoi Éireannach a théas ar deoraíocht go Londain Shasana atá ann, agus faoi na heachtraí a bhaineas dó tar éis timpiste a fhágas ar leathchois agus ar leathláimh é. Scéal faoi choimhthíos agus faoi fhearg freisin é a chuir tús le litríocht nua-aimseartha na Gaeilge
- RTÉ 2fm
- Is stáisiún raidió é RTÉ 2fm. Is é an dara stáisiún raidió náisiúnta de chuid RTÉ é. Thosaigh sé ag craoladh ar an 31 Bealtaine 1979
- Spotland Stadium
- Is ionad spóirt í Staid Spotland atá lonnaithe ag Lána Willbutts i gceantar Spotland, Rochdale, Mórcheantar Mhanchain. Go stairiúil tá sé taobh istigh de Lancashire, agus faoi láthair is staid bhaile é do Rochdale A.F.C. agus Rochdale Hornets RLFC. Tá slí ann do 10,249 duine
- Kimchi
- Bia as an gCóiré Theas is ea Kimchi. Cabáiste atá ann a rinneadh a choipeadh le salann, piobar agus gairleog
- Scoil Mobhí
- Is Gaelscoil agus bunscoil í Scoil Mobhí atá suite ar Bhóthar Mobhí i nGlas Naíon. Bhunaigh na Siúracha Doiminiceacha Scoil Mobhí i 1972 mar Scoil lán-ghaelach Doiminiceach. Is í an aidhm atá ag Scoil Mobhí ná páiste iomlán a oiliúint faoi bhrat spiorad Mobhí
- Brosna
- Is leabhar é Brosna. Cnuasach filíochta de dhánta Seán Uí Ríordáin atá ann
- Seacláid
- Is í seacláid ná an gnáth-chomhábhar ina lán milseán — an comhábhar is coitianta. Is as síolta an chrainn cócó a dhéantar í. Cuireann an foclóir síos ar an substaint cócó mar "seacláid", agus bia le blas gangaideach láidir. Tá dhá phairt sa phónaire cócó: is é an cócó an solad sa phónaire cocoa, is é an t-im cócó an tsaill, agus is meascán de na substaintí í an tseaclaid. Bíonn siúcra agus ábhair eile á gcur isteach freisin agus bíonn siad á n-ullmhú ina mbarra
- The Mighty Boosh
- Is sraith teilifíse grinn Sasanach é The Mighty Boosh. Sna príomhpháirteanna tá Julian Barratt agus Noel Fielding, a scríobhann é freisin. Meascann an clár greann neamhghnách, ceol agus beochan. Scríobhann Barrat gach píosa ceol sa seó agus dearann Fielding an ealaín agus na grafaicí. Craoltar trí sraith den chlár ar BBC3 go dtí seo agus eisítear gach ceanna dóibh ar DVD freisin
- Teangacha Iaránacha
- Brainse d'fhine na dteangacha Ind-Eorpacha is ea na teangacha Iaránacha, agus iad á labhairt sa Mheán-Oirthear agus i Lár na hÁise. Le bheith beacht, is foghrúpa iad den bhrainse Ind-Iaránach iad, in éineacht leis na teangacha Ind-Áireacha
- Craobh Shinsear Peile Átha Cliath
- Séard is Craobh Shinsear Peile Átha Cliath ann ná comórtas de chuid CLG idir na clubanna sinsir i gContae Átha Cliath. Bhain Ballyboden St. Enda's an comórtas is déanaí in aghaidh St Judes i 2009 i bPáirc Parnell