2013 Top Ten of Conflict for Technology

Vicipéid
Ciclipéid, ghréasán-bhunaithe, ilteangach, is ea an Vicipéid agus tá an méid a bhfuil inti ar fáil saor in aisce do phobal na cruinne. Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus tá duine ar bith in ann í a athrú ach teacht a bheith aige ar an Idirlíon. Is iomaí Vicipéid atá ann agus Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge ina measc
Máthairchlár
Is eard is máthairchlár ann ná an príomhchlár ciorcad as a mbíonn córais chasta leictreonacha comhdhéanta
Líonra ríomhaireachta
Séard is líonra ríomhairí ann ná bailiúchán de ríomhairí atá ceangailte i mbealach a ligeann dóibh sonraí agus acmhainní a roinnt
Bunachar sonraí
Séard is bunachar sonraí ann ná bailiúchán leictreonach de shonraí atá gaolmhar go loighiciúil lena chéile. San áireamh leis seo, bíonn sainmhíniú de leagan amach na sonraí. Bíonn an sainmhíniú seo deartha le riachtanais eolais na heagraíochta a shásamh
Mozilla Firefox
Is brabhsálaí idirlín saor trasardáin grafach é Mozilla Firefox atá forbartha leis an Mozilla Foundation saorálaí. Bhí 17.76% do daoine taifeada ag úsáid Firefox de réir suirbhé Aibreán 2008, Ciallaíonn sé sin go úsáidtear Firefox ag timpeall 70 milliún daoine. Is é Firefox an dara brabhsálaí sa domhain tar éis Internet Explorer
Tim Berners-Lee
Is eolaí ríomhaireachta é an Ridire Timothy "Tim" John Berners-Lee nó TimBL. Deirtear gurb é "athair" an Ghréasáin Domhanda. Tá sé ina stiúrthóir ar an World Wide Web Consortium (W3C), an eagraíocht a rialaíonn forbairt an ghréasáin
COBOL
Is teanga ríomhchlárúcháin den tríú glúin é COBOL agus is ceann de na teangacha is sine atá fós in úsáid. Is acrainm é an t-ainm do COmmon Business-Oriented Language, agus úsáidtear é le haghaidh bogearraí a chruthú do ghnó, institiúidí airgeadais agus córais riaracháin do chomhlachtaí agus rialtais
Google
Is é Alphabet Inc, nó Google mar a thugtar air de ghnáth, an comhlacht ríomhaireachta is mó ar domhan. Is é mar aidhm ag an chomhlacht eagar a chur ar eolas, agus é a chur ar fáil ar gach duine. Láimhseálann Google níos mó ná 70 faoin gcéad d’iarrataí cuardaigh ar líne ar fud an domhain, agus é á chur i gcroílár eispéireas fhormhór na n-úsáideoirí Idirlín. Tá a cheanncheathrú i Mountain View, California
Mac OS
Seasann Mac OS do Macintosh Operating System, córas oibriúcháin ó Apple Computer le haghaidh a líne ríomhairí Macintosh. Tháinig sé amach don chéad uair i 1984
Scairdinneall
Is inneall é an scairdinneall nó an t-inneall turba-scairde ina súitear aer isteach ann chun tosaigh, comhbhrúitear an t-aer, go hiondúil le ghaothrán, roimh a théann sé ar aghaidh agus isteach i gcuasán dó. Sa chuasán dó, measctar breosla leis agus dóitear an meascán seo. Gineann an próiseas seo sá nó ropadh, de réir Tríú Dlí Newton, nuair a phléascann an gáis an-te amach ar chúl an innill