2013 Top Ten of Conflict for Religion

An Torah
Is é an Torah an cháipéis is tábhachtaí i gcreideamh na nIúdach. Scriobhadh in Eabhrais é; focal Eabhraise is ea torah (תּוֹרָה) a chiallaíonn "teagasc" nó "dlí". Tugtar Dlí Mhaoise air chomh maith
Cumann Íosa
Is ord rialta de chuid na hEaglaise Caitlicí é Cumann Íosa, agus tugtar Íosánaigh ar chomhaltaí an oird seo. Ní féidir ach le fir bheith ina nÍosánaigh. Oideachasóirí, saineolaithe, múinteoirí agus scoláirí iad de ghnáth, agus clú is cáil orthu as an obair intleachtach atá idir lámhaibh acu le soiscéal Dé a chraobhscaoileadh
Eoleolaíocht
Is í an Eoleolaíocht nó Eaglais na hEoleolaíochta an creideamh a chum agus a cheap an scríbhneoir ficsin eolaíochta L. Ron Hubbard sa bhliain 1952. Creideamh é a bhí go minic ina chúis achrainn ó thús a staire, agus is minic nach mbíonn sé soiléir cé acu creideamh nó córas teiripe agus comhairleoireachta atá ann. Cuirtear ina leith fosta go bhfuil blas áirithe den cheoldráma spáis ar thuiscint na hEoleolaíochta ar réamhstair an chine dhaonna
An Hiondúchas
Is traidisiún spioradálta aondiach oirthearach é an Hiondúchas. Sa lá atá inniu ann, is é an tríú creideamh is mó ar domhan, agus ceann de na reiligiúin is sine ar domhan. D'imir an Hiondúchas tionchar mór ar reiligiúin eile, mar shampla an Búdachas, an Saíceachas agus an Seaineachas
Pápa
Is é an Pápa ceannaire na hEaglaise Caitlicí. De réir thuiscint oifigiúil na hEaglaise, b'é Naomh Peadar an chéad Phápa. Tháinig an focal féin ón bhfocal Gréigise pappas, a chiallaíonn "athair", agus ón bhfocal Laidine papa, arb ionann an bhrí leis. Is é Proinsias, a rugadh faoin ainm Jorge Mario Bergoglio, atá ina Phápa ó 13 Márta 2013 i leith. Tháinig sé i gcomharbas ar Bheinidict XVI, a bhí ina Phápa ón mbliain 2005 go dtí go n-éirigh sé as an bpápacht ar 28 Feabhra 2013
Eaglais Fhíor Íosa
Is eaglais neamh-shainchreidmheach neamhspleách í Eaglais Fhíor Íosa, (真[Zhēn] 耶[Yē] 穌[sū] 教[Jiào] 會[Huì]) a bunaíodh i mBéising, an tSín, i 1917. Gluaiseacht a tosaíodh le leas a chur ar an Eaglais Protastúnach atá ann, ach a d´fhág An Áise scoilte i dtaobh cleachtadh creidimh de
Airiasachas
Is éard a bhí i gceist leis an Airiasachas ná an teagasc diagachta a luaitear le hAirias, preispitéir Críostaí a bhí ag obair i gCathair Alastair san Éigipt. Bhí Airias barúlach nach cuid de Dhia a bhí in Íosa, ach neach ar leith agus é cruthaithe ag Dia. Bhí tionchar nár bheag ag an Airiasachas le lá Airiais agus go gairid i ndiaidh a bháis, nó ba Airiasaigh iad na hImpirí Rómhánacha Valens agus Constantius a Dó. Uaireanta, tugtar "Airiasachas" ar fhoirmeacha neamh-Thríonóideacha
Pápa Líneas
Ba é Naomh Líneas an dara Pápa ar an Eaglais Chaitliceach. Ba as an Tuscáin san Iodáil é agus ghlac sé an Chríostaíocht. D'oirnigh Naomh Pól é ina shagart. Tháinig sé i gcomharbacht ar Naomh Peadar tar éis a bháis i 67. Fuair sé bás i ngéarleanúínt an Impire Títeas i 79. Tháinig Naomh Cléiteas ina dhiaidh
An Ríshliocht Sasánach
Bhí an ríshliocht Sasánach ag rialú na hIaráine sna blianta 224-651 i ndiaidh bhreith Chríost. Tháinig na Sasánaigh i ndiaidh na nArsaicídeach, nó na bPairtiach, nuair a bhris Ardaisír a hAon an cath ar Artabanus IV, rí deireanach na bPairtiach
Ortadocsacht an oirthir
Is é Ortadocsacht an oirthir creideamh na eaglaisí Criostai a ní aithiníodh ach trí comhairlí éacúiméineach - an Chéad Comhdháil Nícé, an Chéad Chomhdháil Cathair Chonstaintín agus an Chéad Chomhdháil Eifeasas. Níl na eaglaisí seo i gcomaoin go hionúil leis na Eaglaisi Cheartchreidmheach an Oirthir ach tá siad i ndialóg chun aontacht a fhilleadh