2013 Top Ten of Conflict for People
- Liosta daoine
- De réir sloinneTugtar sloinnte i nGaeilge a thosaíonn le Ó, Ua, Ní, Mac, Nic faoin gcéad phríomhlitir ina dhiaidh sin, m.sh. cuirtear Parthalán Ó hEachthairn faoin "E". Is faoin litir "O" a thugtar na O-shloinnte i mBéarla, m.sh. O'Brien.
Tugtar roinnt ainmneacha stairiúla agus daoine ríoga agus pearsana eile, m.sh. pápaí, faoin gcéad ainm
- Naomh Peadar Betancur
- Ba mhisinéir Spáinneach a d'oibrigh i nGuatamala é Naomh Peadar Betancur
- Beatrix na hÍsiltíre
- Ba í Beatrix na hÍsiltíre Banríon Ríochta na hÍsiltíre idir 1980 agus 2013
- Michael Jackson
- Amhránaí, ceoltóir agus cumadóir popamhrán a bhí i Michael Joseph Jackson. Thugtaí "Rí an Phopcheoil" air le fada, agus áirítear ar na healaíontóirí popchultúir is mó ratha, ráchairte agus tionchair é
- Rafael Nadal
- Is imreoir leadóige Spáinneach proifisiúnta é Rafael Nadal a tháinig chun tsaoil ar an 3ú Meitheamh 1986. Tá trí chraobh déag Grand Slam buaite aige go nuige seo, agus ocht ón do-dhéag sin buaite ag Rolland Garros, i bPáras. Tá clú agus cáil air de dheasca an fhoirm atá aige agus é ag imirt ar chúirteanna cré. Cuirtear an leasainm "Rí na Cré" air dá bharr sin. Tá 17 chomórtas Grand Slam buaite aige - 1 Australian Open, 11 French Open, 2 Wimbledon agus 3 US Open
- Gérard Depardieu
- Is aisteoir agus déantóir fíona Francach é Gérard Xavier Marcel Depardieu. Tá roinnt duaiseanna buaite aige ina measc Duais de chuid an Acadaimh do phríomhról an scannáin Cyrano de Bergerac agus duais an Golden Globe don aisteoir is fearr sa scannán Green Card
- Albert Einstein
- Fisiceoir teoriciúil ab ea Albert Einstein. Áirítear ar an eolaí is tábhachtaí san 20ú céad é
- Mícheál Ó Coileáin
- Ba cheannaire míleata agus polaiteoir Éireannach é Mícheál Eoin Ó Coileáin nó Michael Collins a rugadh i gContae Chorcaí. Bhí sé beartach i gCogadh na Saoirse, agus bhí sé ina bhall den toscaireacht Éireannach a shínigh an Conradh Angla-Éireannach i 1921. Ba theachtaí iad ó rialtas sealadach na Chéad Dála
- Louis de Paor
- Scríbhneoir Corcaíoch is ea Louis de Paor, a saolaíodh sa bhliain 1961
- Aengus Mac Grianna
- Is láithreoir nuachta le RTÉ é Aengus Mac Grianna. Tharla eachtra ghreannmhar leis inar bhfacthas é ag cur smideadh air féin beo ar an nuacht. Scaipeadh an físeán ar fud an domhain agus bhreathnaigh daoine air breis agus milliún uair taobh istigh de chúpla lá. Bhí sé ina reachtaire ar an gCumann Gaelach agus é i gCOBÁC