2013 Top Ten of Conflict for History

Cogadh na Saoirse (Éire)
Tugtar Cogadh na Saoirse, 21 Eanáir 1919 - 11 Iúil 1921, ar an treallchogadh idir Rialtas na Breataine in Éirinn agus Óglaigh na hÉireann, a bhí faoi smacht na Chéad Dála. Parlaimint neamhspleách a bhí ann, agus í curtha i dtoll le chéile as feisirí Éireannacha a vótáladh isteach in olltoghchán Westminster sa bhliain 1918, an tromlach acu a thoiligh le dul ar an Dáil mar theachtaí
Germania
Ba é Germania an t-ainm a thugtar sa ré ársa ar an réigiún i lár na hEorpa, scartha ón saol Rómhánach leis an Réin agus an Danóib agus a leathnaigh beagnach go dtí taobh thoir na Viostúile
Cogadh Cathartha na hÉireann
B'é síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh a chuir tús leis an gcoimhlint ar a dtugtar Cogadh Cathartha na hÉireann, nó Cogadh na gCarad. B'fhéidir go bhfuair 1,500 bás idir Meitheamh 1922-Bealtaine 1923 mar gheall ar an troid
An tSean-Ghréig
Tháinig tús le sibhialtacht sa Ghréig thart ar 3000 R. Ch. le sibhialtacht na Mionóch ar oileán na Créite nuair a bhfuarthas amach conas le copar agus stán a chur le chéile. Tugtar aois an chré-umha ar an ré seo. D'fhás an cultúr sin thar na blianta is thart ar 2000 R.Ch. thosaigh na Mionóigh ag baint úsáide as iairiglifí nó cineál scríbhneoireachta le pictiúir. Thóg na Mionóigh pálás Knossos mar lárionad a rialtais sa Chréit idir 1900 agus 1400 R. Ch. Sa bhliain 1450 R. Ch. chuir
Cinedhíothú na nAirméanach
Is é Cinedhíothú na nAirméanach an ródach a rinneadh ar phobal Airméanach na Tuirce sna blianta 1915-17, nuair a bhí páirtí na dTurcach Óg i gceannas ar Impireacht Otamánach
Cogadh na Saoirse (An Spáinn)
Bhí Cogadh Saoirse na Spáinne nó Cogadh na Leithinse, cogadh sa Spáinn i rith Cogaidh Napoleon. Bhí muintir na Spáinne ag troid leis an bPoirtingéil agus Sasana in aghaidh Impireacht na Fraince. Lean an cogadh ó forghabháil na Spáinne sa bhliain 1808 go dtí ghéilleadh Napoleon sa bhliain 1814
An Ríshliocht Sasánach
Bhí an ríshliocht Sasánach ag rialú na hIaráine sna blianta 224-651 i ndiaidh bhreith Chríost. Tháinig na Sasánaigh i ndiaidh na nArsaicídeach, nó na bPairtiach, nuair a bhris Ardaisír a hAon an cath ar Artabanus IV, rí deireanach na bPairtiach
Impireacht na Rúise
Úsáidtear an téarma Impireacht na Rúise le tagairt a dhéanamh don ré stairiúil ó laethanta Pheadair Mhóir go dtí Réabhlóid na Rúise 1917. San am seo, tháinig fás agus borradh ar an Rúis mar stát, go dtí gur shín sí ón Muir Bhailt go dtí an tAigéan Ciúin. Tháinig deireadh deifnídeach leis an Impireacht nuair a mharaigh na Boilséivigh an tImpire deireanach, Nioclás a Dó, agus a theaghlach in Yekaterinburg, áit ar cuireadh ar díbirt é
Cath Hastings
Ag Cath Hastings, a troideadh maidin Shathairn ar 14 Deireadh Fómhair 1066, chloígh na Franc-Normannaigh, faoi Liam Concar, Diúc na Normainne, na Sasanaigh, faoi rí Shasana, Harold Godwinson, agus d'éirigh le Diúc na Normainne, Ríocht Shasana a ghabháil. Bhí an blár catha aon chiliméadar déag ó thuaidh de Hastings, gearr don bhaile Battle, an lá inniu
Stair na Rúise
Is é is brí le stair na Rúise ná an t-eolas atá ar fáil sna foinsí liteartha faoi shaol na Rúise fadó agus faoi na himeachtaí a chuir cor i gcinniúint a muintire